Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

79

ṫimċeall. Ba ṁór agus b’éaċtaċ an sluaġ é ar ḟágáil an rioġḃroġa ḋóiḃ. Ní iongnaḋ é go raiḃ árd-ṡagart Ċann-Aman mór-ċúiseaċ gur éiriġ leis cleaṁnas mar é a ḋéanaṁ d’inġin a ríoġ. Ní iongnaḋ é go raiḃ tógḃáil croiḋe air féin agus ar a ṁuinntir ḃeiṫ i láṫair na cuideaċtan séiṁe caoine seo. Aċt dá ḃféaċfaḋ sé ar an ioḋal a ḃí i n-áirde ag na sagartaiḃ ḃéaḋ a ṁalairt de sgéal ann. Ioḋal an tSuilt a ḃí ar iomċur aca, agus é ċoṁ greannṁar gáiriteaċ is ḃí aon lá ariaṁ.

Cuireaḋ teaċtaire rómpa le fógairt do ríġ an Ṗártiġ do Ċann-Aman ċuṁaċtaċ go raḃadar ar an mbóṫar. Dá dtasbáintí an lúṫġáir a ḃí i gcroiḋe an ríoġ ṁóir seo ’na ġruaiḋ, ar ċlos an sgéal seo ḋó ḃí dliġṫe uaisle a tíre réabṫa aige, aċt níor taisbeánaḋ. Ba ḋóiġ leat air féin, agus ar a luċt coṁairle, agus ar a ṁuinntir uile, gur mí-áḋ uaṫḃásaċ éigin d’éiriġ don tír. Do ċeapfá ar an Inġin Áluinn go raiḃ sí le díċeannaḋ. Ḃíoḋ sí ’na suiḋe i dtúr ġloine, i n-áirde ar an ríoġḃruġ, ag féaċaint soir agus ag féaċaint siar, ag féaċaint siar agus ag féaċaint soir, ag súil leis an ngeócaċ úd a ṁeall an croiḋe uaiṫi. Agus naċ í a ḃí go cráiḋte naċ raiḃ sé ag teaċt ċuici! Rí duairc dólásaċ gan greann a ṫeaċt ’n-a ionad! Mo ṫruaiġ í an Inġean Áluinn! Mo ṫruaiġ í an ṁaiġdean ’na túr ġloine!

Tugaḋ fleaḋ don ríġ do Lú-Cúsa agus dá ṁuinntir ar ṡroicint áruis Ċann-Aman ḋóiḃ. Ḃí uaisle agus mór- ṁaiṫe an Ṗártiġ ar an ḃfleiḋ sin. Ḃí Cann-Aman féin ag ceann a ḃúird; an Inġean Áluinn ar a láiṁ ḋeis, agus Lú-Cúsa ar a láiṁ ċlé, agus an uile ṫiġearna eile de réir a ġradaim agus a uaisleaċta. De réir sean- nósa uaisle an oirṫir, ḃí biaḋṫa agus diġṫe a dtíre féin ’ġá gcaiṫeaṁ ag gaċ dream. Biaḋ an Ṗártiġ, agus diġṫe tíre Lú-Cúsa a ċaiṫ mo ṁac, mar nár ḃain sé le