Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

71

tá cunntas iomlán beaċt aige orra uile ’na leaḃar; aċt ó’s rud é naċ mbaineann siad le sgéal an ċleaṁnais ní ḃacfar leo annseo.

Ḃí a ṁac ar an teaċtaireaċt, ar ndóiġ; aċt bíoḋ cead cainnte ag an sgéalaiḋe féin:

Bíodar uile ceapṫa filleaḋ a-ḃaile (ar seisean) nuair aduḃairt mo ṁac leó go raiḃ tír ṡaiḋḃir, tír ċumasaċ taoḃ ṫall de ṁór-ḟásaċ na Taoi-Sung, réagún ’n-a raiḃ ríġṫe agus mór-uaisle do ṡáruiġ a ḃfacadar ariaṁ de ríġṫiḃ ar ṁaoin, agus ar ċáil, agus ar éirim aigne. Aċt ḃí eagla ar na seanóiríḃ an mór-ḟásaċ a ṫreasnuġaḋ. An fásaċ millteaċ gainṁeaċ buiḋe sin! an fásaċ draoiḋeaċta sin a ṁeall na mílte isteaċ ann gan filleaḋ i ndán dóiḃ! an fásaċ uaṫḃásaċ sin a ḃí gan luiḃ gan lus, gan duine gan ainṁiḋe, aċt na carnáin cnáṁ ṫall agus i ḃfus agus iad ag sgáineaḋ faoi ’n ngréin! An fásaċ úd ’n-ar ṁair na hAibitíniġ tráṫ don saoġal, an cineaḋ úd a sguabaḋ de ḋruim an doṁain!

Ní iongnaḋ é go mbéaḋ eagla ar na seanóiríḃ a ḋul ṫar an ḃfásaċ seo; aċt mo ṁac-sa—é siúd a ḃí ’na ḟile tráṫ, ḃí seisean ’na measg, agus do ġríosuiġ sé iad ċum gluaiseaċta.

D’imṫiġ leó, iad féin agus a gcuid asal agus a gcuid cáṁall agus a gcuid gaḋar duḃ tanaiḋe, agus a gcuid capall bídeaċ trom-ċosaċ, gur ṡroiċeadar teóra an ḟásaiġ. Annsiúd, ar imeall an ḟasaiġ, ċuaiḋ siad uile ar a nglúnaiḃ agus an ġrian ag dul faoi, agus do ċuireadar na mílte impiḋe ar a ndéiṫiḃ iad a ṫaḃairt slán. Ḃí an t-árd-ṡagart ann, a ṡúile ar lasaḋ, a ḟeasóg ḟada ḃán le gaoiṫ, agus na focail ḃeannuiġṫe ag teaċt ó n-a ḃéal ’n-a sruṫaiḃ meara; na teaċtairí eile, idir íseal agus uasal, idir giollaíḃ agus maiṫiḃ, cromṫa leis an talaṁ, agus duanta diaḋa ḋá gcanaḋ aca; an liaiġ óg, é siúd ar ar ṫáinic an gáiriḋe ar ḟeiceál an