Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

72

ġeogaiġ ḋó, agus do ṁac féin, ḃíodar i ḃfoċair a ċéile ann. Ḃí croiḋe trom tuirseaċ i ngaċ cléiḃ ag dul isteaċ san ḃfásaċ ṁillteaċ ḋóiḃ, mar ní raiḃ a ḟios éinne cé’n ċinneaṁaint a ḃeireaḋ orra ann. Ní raiḃ ḟios cé na mná a ḃéaḋ ag géar-ġol i dtír an Ṗártiġ, cé na páistí ḃéaḋ ’na ndílleaċtaiḃ gan mórán aimsire. Aċt ḃí orra an turas a ṫaḃairt; ḃí orra céile oireaṁnaċ a ṡoláṫar d’ inġin an ríoġ ċumasaiġ, d’inġin Ċann-Aman, nó ḃeidís uile náiriġṫe go broinn an ḃráṫa. Aoiḃinn liom a ndútraċt agus a ndílseaċt agus a misneaċ, a Ṡíneaċa áilne.


∗             ∗

Aċt is fíor-ḃeagan den tsliġe a ḃí curṫa díoḃ aca, gur ġaḃ ocras mór iad. Ḃí ar uaċraránaiḃ na teaċ- taireaċta na giollaí a ċoinneál ó ḃeiṫ ag ṡíor-alpaḋ an ḃíḋ. An gaineaṁ agus an dóib agus an ċré ḋonn ḋóiġte a ḃí ṫart ṫimċeall, do ċuiridís ’na mbéal é, agus ḃídís ’gá ċogaint. Ġaḃ ocras na huaċtaráin féin, aċt ní leigfidís orra é. Ċuaiḋ an t-árd-ṡagart ar leaṫtaoiḃ, agus do ḃain greim as bróig leaṫair a ḃí ar a ċois! Ṫuit fear an dara lá, agus fágaḋ mar ar ṫuit sé é; ní raiḃ duine ann a ṁolaḋ ḋóiḃ an corp uasal daonna a ṫaḃairt leó; ḃí a ndóṫain eile ar a n-aire; agus ar ḋearcaḋ ar a gcúl ḋóiḃ ar maidin, do ċonnaiceadar sgamall cág ag déanaṁ ar a ċorp ... Ṫuit fear eile leis an ocras. Aċt má ṫuit níor bacaḋ leis. Agus fear eile agus fear eile; agus nuair a ḃíoḋ an sgamall cág réiḋ leis an gcéad ċorp, d’ionnsuiġdís an dara ceann agus an treas ceann, agus iad ag leanaṁaint na teaċtaireaċta ar feaḋ an aċair ... an teaċtaireaċt dearóil tnáiṫte sin! Sgréaċġail na gcág ’na gcluasaiḃ, solas draoiḋeaċta ’á meallaḋ i lár an lae ġlégil, bailte áilne agus ríoġbruiġ uaisle le feiceál aca ’sna spéarṫaiḃ,