Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

70

ċeist ṁór a ḃí ag cur imniḋe ar ċoṁairleóiríḃ an ríoġ. Annsin do ṡuiḋ an ċoṁairle ċum gnóṫa an aṫ-uair, aċt ḃéaḋ a ḟios ag duine ṁeaḃraċ narḃ í an ċoṁairle ċéadna anois í. Ó am go ham do ċeap an rí go mbriseaḋ mion- ġáiriḋe ar an gcoṁairleóir dob’ óige dá raiḃ ann, aċt ní ċreidfeaḋ sé a ṡúile. Ba ḋóiġ leis gur draoiḋeaċt a cuireaḋ air. Agus ḃí an ḃaraṁail ċeannḟionn ċéadna ag an árd-ṡagart i dtaoḃ súl an ríoġ. Bíonn ceapaḋ ag na Pártiġiḃ agus ag cineaḋċa coiṁṫiġeaċa aineólaċa eile naċ iad, a Síneaċa aoiḃinne, go mbíonn an draoiḋeaċt seo ann .... duḃairt mo ṁac liom—an mac úd atá ’na réaltóir anois duḃairt sé liom gur ḃris mion-ġáiriḋe ar ċoṁairleóir óg ag an gcoṁairle seo, agus ḃí aiṫne aige-sean air le linn a óige i dtír an Ṗártiġ. Agus tá sgil ṁór ag mo ṁac ’sna.....

Ḋá lá eile a ḃí an ċoṁairle ’na suiḋe; agus i gceann na haimsire sin do ṡoċruiġeadar ar an dá ċoṁairle seo; an bás ba ṁilltiġe d’ḟéadfaḋ an t-árd-ṡagart a ċeapaḋ ḋó a ṫaḃairt don ċuirpṫeaċ, don ḟear duḃ-ġnéaċ, agus teaċtairí a ċur amaċ ar fud na gcríoċ uile, ó ḃórdaiḃ na Mara Reóite go hOileánaiḃ an Oirṫir, le fear d’ḟáġáil a ḃéaḋ i n-ann smaċt a ċur ar an inġin áluinn, a ḃéaḋ i n-ann an sult náireaċ agus an suairceas mí-ċéilliḋe a ḃaint aisti!

II.

Tá an-ċuid cainnte ag an sean-uġdar Síneaċ faoi’n teaċtaireaċt seo a cuireaḋ amaċ ar fud na gcríoċ le céile oireaṁnaċ d’ḟaġáil don Inġin Áluinn.

Na daoine a ḃí ar an teaċtaireaċt, na tíorṫa ’n-a raḃadar, na hiongantais a ċonnaiceadar, na cineaḋċa agus na hainṁiḋṫe éagsaṁla casaḋ leó ar an turas— na sléiḃte teineaḋ, na fairrgí reóiḋte, na haiḃneaċa dóibe, na sean-teampuill ’n-ar haḋraḋ déiṫe do-aiṫniġṫe,