Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

69

siuḃal agus na cosa i n-aér aige! Ní raiḃ neaċ dá raiḃ ann i n-ann cor a ċur ḋe le n-a ċosg, ḃí an oiread sin den uaṫḃás agus den náire orra. D’éiriġ an fear duḃ- ġnéaċ ’n-a ṡeasaṁ ar a ċosaiḃ. Siúd ċuig an rí féin é, ċuig Cann-Aman ċumasaċ. Rug sé ar ṡróin air, agus ṫosuiġ ’gá ċasaḋ agus ’gá lúbaḋ go raiḃ cuma na gealaiġe nuaiḋe uirri. Ní féidir leis an leoṁan ná leis an leopárd cor a cur ḋe nuair a ḃíos súile naṫair niṁe sáiṫte ann. B’ḟearaċt don ċuideaċtain seo é. Mo náire! mo náire ṡaoġalta! An rí mór cumasaċ léiġeannta agus geógaċ i ngreim srónaċ ann! Mo ċreaċ agus mo ḋuḃrón go dtiocfaḋ sé san saoġal go mbéaḋ orm-sa, go mbéaḋ ar Ċeó-ḃó, an gníoṁ fíor- náireaċ seo aiṫris! Aċt beaṫa staraiḋe an ḟírinne....

Duḃairt mo ṁac liom—an mac úd atá ’na réaltóir anois agus a mba ġile leis na réaltóga ná súile na mban —duḃairt sé liom go ḃfaca an fear duḃ-ġnéaċ an inġean áluinn ag an ḃfuinneóig agus í go dubrónaċ doilġeasaċ, sul ar ṫosuiġ sé ar a ċuid cleasaiḋeaċta, agus naċ dtosnóċaḋ sé muna mbéaḋ í, naċ raiḃ uaiḋ aċ sult a ḃaint aisti. File agus leannán a ḃí in mo ṁac le linn a óige agus tá sgil ṁór aige ’sna neiṫe seo; tá eolas mór aige saoġal, ar ḟearaiḃ agus ar ṁnáiḃ agus ar a mbealaiġiḃ, bíoḋ is naċ ḃfuil suim aige i n-aon ní anois aċt ’sna réaltaiḃ ... Ar ċaoi ar biṫ, nuair a ṫáinic a moṫuġaḋ agus a meaḃair ċuig an luċt coṁairle do ċonnacadar an inġean áluinn ag an doras agus suairceas ’n-a gruaiḋ!

Rug an luċt freastal ar an ḃfear duḃ-ġnéaċ, agus ċuireadar faoi ġlas agus céad é, i ngéiḃean faoi ṫalaṁ go socróċaiḋe cé’n bás uaṫbásaċ a mba ċóir a ṫaḃairt ar a leiṫéid de ḋuine. Rugaḋ ar an inġin áluinn freisin, agus sáiṫeaḋ isteaċ i seómra i n-uaċtar an áruis í, go dtiocfaḋ a ciall féin ċuici, agus go réiḋteóċaiḋe an