Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

68

mar ċualadar gaċ sgairt ġáiriḋe b’aoirde agus ba ġile ná a ċéile ón sluaġ mór. D’éiriġ an rí mór, Cann- Aman cumasaċ ’na ṡeasaṁ. Ḃí fearg na ndúl ’n-a ġruaiḋ uasail. Ní raiḃ croiḋe i gcléiḃ fir dá raiḃ i dteaċ na Comairle do ṗreab ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig aimsire, aċt daṫ an ḃáis ṁóir ’n-a n-aiġṫe. Ṫáinic gáir ġrinn agus áṫais ó na mílte sgórnaċ taoḃ amuiġ. Cluineaḋ aṁrán— aṁrán a raiḃ greann agus magaḋ agus meiḋir ṁíċuiḃeasaċ ann—ó ḋuine éigin. Ḃí an ċroċ agus na bútaisí iarainn ṫeó tuillte ag an duine sin. Ó! a Ṡíneaċa aoiḃinne, ní féidir liḃ a ṫuigsint cé’n ċoir ṁór ṁarḃṫa a ḃí ḋá déanaṁ ós coṁair an ríoġ ċumasaiġ ar a ḋul ċuig an ḃfuinneoig ḋó. Ḃí an sluaġ mór ’sna triṫíḃ, agus iad bailiġṫe timċeall ar ḟear árd duḃ-ġnéaċ folt-ċas, a ḃí ag canaḋ aṁráin ġrinn agus ag baint gaċ cor agus gaċ casaḋ as a ḃéal agus as a ṡróin; féaċaint dá dtug an fear duḃ-ġnéaċ i n-áirde do ċonnaic sé an rí agus a luċt ċoṁairle ag an ḃfuinneóig faoi n-a gcuid éadaiġ ḋuiḃ ċoṁairle. Ċonnaic an sluaġ an rí. Ṫáinic sgáṫ orra. Ċonnaic an fear duḃ-ġnéaċ an rí aċt níor ṫáinic aon sgáṫ air siúd. Ní ḋeárna sé aċt a ḋá ċluais a ċorruġaḋ ar nós asail óig ṁeiḋriġ ṁí-ċéilliḋe! Ċuala an rí, agus na coṁairleóirí uile, duine ag gáiriḋe go geal agus go háṫasaċ ag fuinneoig eile den ríoġḃruġ. Do haiṫniġeaḋ an gáiriḋe sin. An inġean áluinn a rinne é! An giolla a ḃí ag freasdal ar an luċt coṁairle, ċonnaic seisean céard a ḃí ar siuḃal ag an ḃfear duḃ- ġnéaċ agus do ṗléasg sé. Cuireaḋ sgian ḟada ’n-a ċroiḋe ar an mball.

Tugaḋ an cuirpṫeaċ, an fear duḃ-ġnéaċ isteaċ i láṫair na coṁairle, aċt ní túisge istiġ é ná go ndeaċa sé de léim éasgaiḋ ar an gclár ḟada a ḃí i lár an tseómra. Ṫosuiġ sé ag siuḃal ar an gclár aċt—ó! ní ċreidfiḋ siḃ uaim é, Ṡíneaċa aoiḃinne—is ar a ḋá láiṁ a ḃí sé ag