Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

62

Ċuir sin iongnaḋ mór air, agus ó ḃí an oiḋċe ann faoi seo, ċuaiḋ sé isteaċ i sgailp go mbeaḋ dreas codlata aige. Ní túisge ḋún sé a ḋá ṡúil ná ċuala sé glór i ḃfogus dó. Ċeap sé i dtosaċ gur ag brionglóidiġ a ḃí sé, aċt níorḃ’ eaḋ. Ċuala sé an aṫ-uair é:

“Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” faoi ḋó de lag- ġlór a raiḃ binneas an doṁain ann. D’éiriġ an sean- ḟear de ṗreib.

“Patan-Lú! Patan-Lú!”[1] ar seisean ’n-a ṡean- ḃéic ag taḃairt freagra ar an nglór. A ṁac féin a ḃí ann, ba ḋóiġ leis. An gaḋar do ṫreoruiġ ċuige é. Ḃí sé ó ḃaoġal ’sa deireaḋ. Ḃí sé i measg a ṁuinntire.

“Patan-Lú! Patan-Lú!” ar seisean d’árd a goṫa, agus a ḋá láiṁ sínte amaċ uaiḋ go mbeireaḋ sé ar an mac úd naċ ḃfaca sé le na bliaḋantaiḃ, go ḃfáisgeaḋ sé le n-a ċroiḋe é. Aċt níor ḟáisg, bíoḋ is gur ċuala sé an glór arís, agus é ag imṫeaċt uaiḋ mar ṡíl sé. Ag imṫeaċt uaiḋ a ḃí sé; ag imṫeaċt uaiḋ, i gcoṁnaiḋe ’gcoṁnaiḋe, agus ag dul i laige de réir a ċéile.

“Ḃain sé ar ’n-a ḋiaiḋ. Dá n-éalóċaḋ an mac uaiḋ agus é i ngreim ann beagnaċ! Ṫar an aḃainn dóibe, agus ṫríd an gcoill ṫall, agus ṫar an maċaire atá ar an taoḃ ṫall ḋi ’seaḋ ċuaiḋ sé. Agus d’imṫiġ leis i ndiaiḋ an ġlóir ċoṁ tréan is do ḃí ann, bíoḋ is go raiḃ an féar feosaiġṫe géar ag gearraḋ a ċos agus an bolaḋ a ḃí ag éirġe aníos as an talaṁ ’san áit a raiḃ an fás ’ġá loḃaḋ ag dul ’n-a ṗolláiríḃ. Anois agus árís ċeapaḋ sé go raiḃ sé ag teaċt suas leis an té a ḃí ag glaoḋaċ, agus annsin do ġlaoḋfaḋ sé féin.

“Patan-Lú! Patan-Lú!”


  1. “A ṁicín ḋílis” i n-ár dteangain féin.