Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

63

“Aċt ó ḃí sé ag éirġe tuirseaċ ċeap sé a sgíṫ a leigint. Naċ ḃfeicfeaḋ sé a ṁac ’sa mbaile ar maidin? Cé’n ṁaiṫ ḋó é féin a ṁarḃaḋ ar an ċaoi seo? Ḃí sé ar tí bualaḋ faoi ar an talaṁ te tirim agus cead imṫeaċta a ṫaḃairt don té ar leis an glór, nuair a ṫug sé faoi deara gur ar an árd a ḃí os cionn a ṫiġe féin a ḃí sé. Maraċ an oiḋċe a ḃeiṫ ann, agus na súla a ḃeiṫ go lag tinn aige, d’ḟeicfeaḋ sé an deataċ ag éiriġe aníos ar crionn na gcrann árd pailme, is dóċa. Rinne sé ar an áit a mbíoḋ an t-árus; ba léir ḋó le solus na gealaiġe a ḃí ag éirġe ós cionn na gcrann nár ċoṁnuiḋ éinne ann le fada an lá. Ḃí neantóga san doras ann, agus fiaḋaile de ċineál ġránda, agus féar árd san gcasán.

“Ṫuit a ċroiḋe air.

“Aċt céard sin? An glór arís! Do ġlaoḋ sé féin. Do ḃéic sé. Do lean sé an glór arís, agus an glór ag imṫeaċt uaiḋ mar ṡíl sé. É ag dul i laige agus i laige. Eisean ag géaruġaḋ agus ag géaruġaḋ ar an siuḃal, agus ag glaoḋaċ ó am go ham: “Patan-Lú! Patan- Lú!” gur ṫuit sé ’san deireaḋ le tuirse agus le easbaiḋ anála.


∗             ∗

III.

“Ḃí an lá ann nuair a ḋ’éiriġ sé. Na céadta cág feola a ḃí ag sgréaċġail agus ag foluaṁain ós a ċionn ’san spéir a ḋúisiġ é. I n-aice leis ḃí conablaċ a ḃí ḋá bpiocaḋ aca; ċuir a ngobanna fada cama, agus a súla beaga dearga sanntaċa eagla air. Ba beag leis na héanaiḃ fíoċṁara sin é alpaḋ ’n-a ḃeaṫa. D’imṫiġ leis agus súil aige go ḃfuiġeaḋ sé biaḋ agus deoċ i n-áit éigin. Aċt ní ḃfuair. Ní raiḃ biaḋ le faġáil ag aon ainṁiḋe ’san ḃán-ḟásaċ sin, aċt ag an gcág feóla agus ag