Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

61

“Aċt d’ḟan sagairt agus draoiṫe agus ríġte an Ṗártiġ ar árdán ar ṫeorainn an dá ċríoċ ag molaḋ na ndéiṫe go raiḃ an sean-ḟear agus a ġaḋar as aṁarc.

“Maidir leis siúd rinne sé an bealaċ go maiṫ i dtosaċ. Ṫug sé faoi deara go raiḃ sé ’n-a ṫír féin. Ċonnaic sé sliaḃ mór Nanba ar a láṁ ḋeis. Ḃí an aḃainn, agus an gleann ’n-a mbíoḋ a áit ċoṁnaiḋṫe, ar a aġaiḋ amaċ. Ṡíl sé naċ mbeaḋ sé i ḃfad go gcasfaiḋe duine éigin dá ṁuinntir leis. An n-aiṫneóċaidís é? Céard a ḋéanfaḋ na fir troda nuair a ċloisfidís an droċ-íde tugaḋ ḋó i dtír an Ṗártiġ? Naċ ag a ṁnaoi a ḃeaḋ an ḟáilte roiṁe? Agus a ṁac—ba ċóir dó ḃeiṫ ’n-a ḟear ṁór anois. Cé ṁéad bliaḋain ar ċaiṫ sé faoi ṫalaṁ? Ṡíl sé a gcoṁaireaṁ, le go mbeaḋ ḟios aige cé’n aois a ḃí ag a ṁac aċt níor éiriġ leis. Ní raiḃ ann aċt malraċ nuair d’ḟág sé féin an baile, agus is malraċ a ḃí ann fós dá mb’ ḟíor don ṗioctúir a ḃí ós coṁair a ṡúl. Ḃí croiḋe an tseanḟir éadtrom ag cuiṁneaḋ ḋó ar an saoġal a ḃí le ṫeaċt, agus é imeasg a ġaoil.

“Ḃí tuitim na hoiḋċe ann nuair a ṡroiċ sé an aḃainn. Ḃuail sé faoi ar ṫulċán, agus sgaoil sé an gaḋar mar ḃí tart air. Aċt baineaḋ geit as nuair a ċonnaic sé gurḃ ag siuḃal ar an aḃainn a ḃí an gaḋar. Níor ċreid sé a ḋá ṡúil. D’éiriġ sé. Leag sé cos ar an áit a mba ċóir den uisge a ḃeiṫ, aċt ní uisge a ḃí ann aċ mar ḃeaḋ dóib ḋuḃ agus teas agus gail ag éirġe aníos aisti. Ċuaiḋ an ġail seo ’n-a ṡróin agus ’n-a ḃéal agus dob’ ḟóbair ḋó tuitim. Is annsin ṫug sé faoi deara naċ raiḃ duilleaḃair ar na crannaiḃ a ḃí le n-’ais; go raiḃ an féar féin feosaiġṫe, bíoḋ is go raiḃ tús an tsaṁraiḋ ann.

“Ġlaoḋ sé ar an ngaḋar. Níor ṫáinig sé sin ċuige; ċonnaic sé ag imṫeaċt le buile fríd an ngleann é.