Aba-cána-lú![1]
I gceann de na sean-leaḃair stáire is ársa dá ḃfuil i dteangaiḋ na Síneaċ tá sgéal aisteaċ le fáġail. Ag seo iarraċt ar an sgéal úd a innseaċt i nGaeġilge na haimsire seo:
I.
“’San áit a ḃfuil mór-ḟásaċ na Taoi-Sung indiu,” arsa uġdar an tsean-leaḃair seo, agus is cosaṁail, ón gcaoi agus ón gcuma atá aige ar a ṡeanċus, gur mó go mór de ṁianaċ an sgéalaiḋe a ḃí ann ná de ṁianaċ an staraiḋe; “’san áit a ḃfuil mór-ḟásaċ na Taoi-Sung indiu,” ar seisean, “ḃíoḋ coṁnaiḋe ar ċineaḋ ṁór cumasaċ anallód. Ḃí an tír faoi ḃláṫ an t-am sin; ḃí an rís agus an t-arḃar, an caifé agus an tae go lán-ḟlúirseaċ ann; ḃí iasg de gaċ uile ċíneál le faġáil ’sna haiḃneaċaiḃ atá ’n-a gclaiseannaiḃ dóibe teo indiu; coillte móra géagaċa faoi ṫorṫaiḃ éagsaṁla ar sleasaiḃ na gcnoc; an leopárd agus an leoṁan, an gaḃar agus an torc ’sna coilltiḃ. Agus ins na bailtiḃ móra ḃí na mílte gaḋar agus muc aca le na sráideannaiḃ a ġlanaḋ agus sláinte ṫaḃairt do ḋaoiniḃ. Is cinnte naċ raiḃ aon ċríoċ eile fán mbiṫ a ḃí ċoṁ séanṁar leis an gcríoċ sin aċt tír na Síneaċ aṁáin.
“De ṗór agus de ḃunaḋ na nAibitíneaċ dob’ eaḋ an dream a ċoṁnuiġ ’san gcríoċ áluinn seo; agus ó ḃí sean-
ġráin ag muinntir an Ṗártiġ don ċineaḋ sin, ṡíleadar
- ↑ Is ionann na focail seo i dteangaiḋ na n-Aibitíneaċ agus “a aṫair ḋílis” san nGaeḋilg.
56