55
ó ḃéal an ċime ba ṁó agus ba ruaiḋe a ḃí ann, ṡíl sé na focail úd a ḃréagnuġaḋ.
“Cuirfear i n-áirde ar ċroiċ mé; cuirfear tairngí isteaċ ṫrí mo láṁaiḃ ....” ars’ an Ruaḋ, aċt ní raiḃ uain aige ar a ṫuilleaḋ a rád gur ḃuail Adáṫ fuinteóir ’san mbéal é le cloiċ ṁanntaiġ.
Tosuiġeaḋ ar na cloċa a ċaiṫeaḋ annsin. B’éigin do na saiġdiúiríḃ na cimí d’ḟágáil ’n-a ndiaiḋ agus a ḋul isteaċ san gcaṫair le caḃair d’ḟaġáil ó na huaċtaráin. D’éiriġ le duine de na cimíḃ éaluġaḋ. Lean an sluaġ é. D’imṫiġ na cimí eile, aċt aṁáin an Ruaḋ. Ḃí seisean ’n-a ṡuiḋe ar an talaṁ agus é ag taḃairt a ċuid fola. Ḃí sé i n-ann imṫeaċt aċt níor ṫogruiġ sé é.
“Molaḋ le Críost! Molaḋ le Críost mór na Glóire!” ar seisean de ġuṫ lag.
Ṫáinig fear ar a ċúl. Ḃí cloċ ṁór ṁillteaċ ’n-a ġaḃail aige. Leag sé an Ruaḋ ar an talaṁ agus do ṗléasg a ċloigeann leis an gcloiċ ṁóir.
“Biṫeaṁnaċ eile ar lár,” ars’ an fear a rinne an gníoṁ, “dearg-ḃiṫeaṁnaiġ iad uile,” ar seisean.
∗
∗ ∗ |
Ṫáinig an ḃeirt a ḃí i ḃfolaċ ar feaḋ an aċair seo amaċ ó n-a mball foluiġṫe.
“É a ċéasaḋ ar nós Ċríost sin a raiḃ uaiḋ,” ars’ an Dall.”
“Agus ní ḃfuair tú mian do ċroiḋe, a ṁic,” ars’ an Ḃaintreaḃaċ ag cromaḋ ós cionn an ċuirp.
“Go ndéantar Do ṫoil ar talaṁ!” ars’ an ḃeirt agus rugadar corp an Ruaiḋ leó a ḃaile.