Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

57

an tír a ḃaint amaċ le láiṁ láidir. Agus do ḃain nuair a fuaireadar an ḟaill; mar ní raiḃ na hAibitíniġ glic ar nós na Síneaċ. Ní raiḃ an sean-eolas aca, bíoḋ is go raḃadar cumasaċ cuṁaċtaċ féin. Sgriosaḋ a dtír. Milleaḋ a gcuid teampall. Losgaḋ na bailte móra. Fear a ḃí i n-ann saiġead a ṫarraing níor fágaḋ. Tugaḋ ċun bealaiġ iad le n-a saoġal a ċaiṫeaḋ ’n-a sgláḃaiḋṫiḃ i dtír an Ṗártiġ. Marḃuiġeaḋ na páisdí fir. Na mná aṁáin a fágaḋ le clainn a ṫógḃáil dá luċt ceannsuiġṫe.

“Níor éiriġ go maiṫ leo siúd áṁṫaċ. Ḃí na déiṫe ’n-a n-aġaiḋ. Ḃí na diúil féin go bagarṫaċ. Is iomḋa fógra tugaḋ ḋóiḃ, aċt níor glacaḋ iad, mar ḃíodar borb fíoċṁar ceanndána; ní raiḃ eólas ná gliocas na Síneaċ aca, aċt oiread le na hAibitíniġiḃ féin. Agus i gceann na haimsire do facṫas mórán uaṫḃáis ’san gcríoċ. Do ċuir na déiṫe cosg le drúċt na hoiḋċe agus le fearṫainn an lae. Do ṫriomuiġ na haiḃneaċa. Níor fágaḋ braon uisge i dtobar. Do ṡearg na crainn. Do ċríon an fás uile. Ṫréig na mílte gaḋar na bailte móra, a dteangaċa fada bána tirme ag tuitim leo, a súla ar lasaḋ le lasair na buile, agus siúd ar aġaiḋ iad ’n-a ndrongaiḃ uaṫḃásaċa fá ḋéin na gcnoc ar ṫóir an uisge. Lean na muca iad, gur fágaḋ na sráideanna gan glanaḋ, gur ḃris an iomad aicíd agus galar amaċ i measg na daoine.

“Aċt ḃí fear ar na Pártiġiḃ, Aca-Cann ab’ ainm dó, árd-ṡagart na treiḃe dob’ eaḋ é, agus ċruinniġ sé a raiḃ beo dá ṁuinntir i dtír na n-Aibitíneaċ ’n-a ṫimċeall le coṁairle a ġlacaḋ leo, agus ’sé an ċoṁairle ṫug sé ḋóiḃ filleaḋ ar a dtír féin, agus a raiḃ beo ann de ṁuinntir na n-Aibitíneaċ a ṡaoraḋ. ‘Tá fearg ar na déiṫiḃ,’ ar seisean, arsa Aca-Cann, árd-ṡagart, ‘tá fearg orṫa faoi ráḋ is nár ḟágamar smaċtaḋ na n-Aibitíneaċ fúṫa féin. Sgaoiltear ċuca a-ḃaile iad’