Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

42

t-ainm atá aca ar an té úd atá ’n-a ċeannaire orṫa anois? Fan—ċuaiḋ sé an bealaċ seo uair i gcuideaċtain Ċríost féin .... Ḃíoḋ sé ’n-a iasgaire tráṫ dá ṡaoġal san Tír Ṫuaiḋ .... Hó! hó! hó! iasgaire ’n-a ríġ!” agus leig an fuinteóir a ṡean-sgairt.

Ḃíodar idir teaċ na baintreaḃaiġe agus teaċ an ḟuinteóra faoi’n am seo agus, ó ḃíoḋ an crann fíge a ḃí ag coirnéal tiġe na baintreaḃaiġe agus an crann ola a ḃí ag coirnéal tiġe an ḟuinteóra ag pógaḋ a ċéile ós cionn an ḃóṫair ann, ḃí fosgaḋ breáġ fionnḟuar le faġáil aca. Ḃain an fuinteóir an t-ualaċ uisge den asal; sgaoil isteaċ i mboṫa é; d’ḟág slán ag a ċaraid an cria- dóir agus ḃí ar tí ḋul isteaċ a-ḃaile nuair a ċuala sé glórṫa uaiḃreaċa fear ċuige ón teaċ ṫall. D’iompuiġ sé ar a ċois agus anonn leis. Ag gaḃail ṫar an tairsiġ ḋó ċaiṫ sé smugairle uaiḋ agus duḃairt: “Biṫeaṁnaiġ iad, dearg-ḃiṫeaṁnaiġ.”

Dá ḃfanaḋ sé sgaṫaṁ beag eile aimsire do ċluinfeaḋ sé an rud a duḃairt a ċara Selára criadóir agus é ag iarraiḋ a ḃeiṫ ag cuiṁneaḋ ar na focail: “’Ná cuir úr-ḟíon borb i sean-ṡoiṫiġiḃ ar eagla go bpléasgfaḋ na soiṫiġ is go gcaillfiḋe an deaġ-ḟíon.” Fear déanta soiṫeaċ mise. Maiṫ an focal é. Iongantaċ an focal é. ‘Ná cuir úr-ḟíon borb i sean-ṡoiṫiġiḃ’—á! dá nglactaí an ċoṁairle sin!”


∗             ∗

Ní san seómra a ndeaċa an fuinteóir isteaċ ann a ḃí luċt na nglórṫa n-uaiḃreaċ, agus nuair d’airiġ sé an cineál Laidne a ḃí ar suiḃal aca ba léir ḋó go mba saiġdiúirí Róṁánaċa a ḃí istiġ agus naċ fáilte ṁór a ḃeaḋ aca roiṁ Iúdaċ mar é. Mar sin de, ṡuiḋ sé ar a ġogaide cois ḃalla an tiġe; d’éiriġ an té úd ar ar tugaḋ an Dall, rug ar árṫaċ criaḋ, líon le fíon é as mála a ḃí déanta de ċraiceann gaḃair agus ṫug dó é gan