Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

43

focal a ráḋ. Ḃí an áit go breáġ glan fionnḟuar i ndiaiḋ ḃroṫail na gréine; ḃí an fíon go fuar agus go searḃ— ó fuineaḋ arán i dtosaċ ní dóċa go raiḃ fuinteóir ann naċ dtiocfaḋ aoiḃneas ar a ċroiḋe ag ól fíona ḟuair ṡeirḃ ḋó lá broṫalaċ agus gan aon ní ag déanaṁ imniḋe ḋó, agus ṫáinic aoiḃneas ar ċroiḋe Adáṫ fuinteóir má ḃí sé i dteaċ Críostaiḋe féin.

Níor ḃ’ḟada ann é gur ḃuail fear eile isteaċ. Dá ḃfeictí an té seo ḃuail isteaċ i n-aon áit ar ḋruim an doṁain ní ċreidṫeá go mba Iúdaċ do ḃí ann de réir ciniḋ, ḃí se ċoṁ hárd agus ċoṁ caol agus ċoṁ ruaḋ sin. Bí sé ar leaṫ-ċluais, agus ḃí rian claiḋiṁ le feiceál ar a éadan ó n-a ḃéal treasna go dtí an áit a mba ċóir an ċluas a ḃeiṫ. Ċeapfá uaireannta ar a iomċur, go raiḃ sé ’n-a ṡaiġdiúr tráṫ dá ṡaoġal aċt nár ċleaċtuiġ sé an ċéird sin le fada an lá; go deiṁin ba ṁó an ċosaṁlaċt a ḃí aige le gaḋar do ḃuailfiḋe go trom agus go minic le bata ná le saiġdiúir Róṁánaċ ar ḋul isteaċ i dteaċ Baintreaḃaiġe an Ḟíona ḋó. Dá moṫuiġeaḋ sé duine ag dearcaḋ air, do laġdóċaḋ a ḋá ṡúil agus do ḃreaṫnóċaḋ sé i dtreó eile; an páisde ba luġa a ḃí ag gaḃail sráid Ḃeṫánia, dá leigeaḋ sé sgread air do ḃainfiḋe preab as.

Ḃeannuiġ sé go faiteaċ don ḟuinteóir agus don Dall a ḃí ag freastal, agus do ḃuail faoi ar an urlár do réir nósa na haimsire. Ṫáinig an Dall ċuige agus soiṫeaċ ’n-a ġlaic aige. Ṡín an duine coiṁṫiġeaċ a láṁ amaċ le breiṫ air uaiḋ, aċt ar ḃreaṫnuġaḋ ar an Dall, ḋó, ṫáinig creaṫaḋ ball air agus ṫuit an t-árṫaċ uaiḋ ar an urlár.

“’Sé tá ann ṫar a ḃfacas ariaṁ,” ar seisean ós íseal agus é corruiġṫe go mór. Laḃair sé ar nós duine nár ċleaċtuiġ an ċainnt le aċar fada.

“Táim cinnte gurab é atá ann,” ar seisean leis féin.