Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

41

ag féaċaint orṫa ó ḃárr an ċnuic do ċeapfá naċ raiḃ san asal agus san mbeirt a ḃí le n-a ċois aċt bréagáin ṗáisde d’oibreóċaiḋe le hinneall.

Ba ṁór an fonn cainnte ḃeaḋ ar an té ḋéanfaḋ cainnt a leiṫéid sin de ló ’n-a leiṫéid sin d’áit; ba ṁór an fear cainnte a ḃí san ḃfuinteóir, aċt ní abruiġeaḋ sé aċt an focal “biṫeaṁnaiġ,” áṁṫaċ, ḃí an lá ċoṁ te sin, agus do ḃuaileaḋ sé an t-asal le n-a ḃois ar an gceaṫraṁain; anois agus arís do ḃuaileaḋ sé le n-a ḋorn ’sna hasnaċaiḃ é, agus do ċluinfeá an focal “dearg-ḃiṫeaṁnaiġ” uaiḋ.

Ḃí fosgaḋ ó ṫeas na gréine aca ar ṡráid Ḃeṫánia; ḃí croinnte fíge agus croinnte ola annseo agus annsúd as leaṫtaoiḃ na sliġe; an áit naċ raiḃ na crainn ḃíoḋ an fuinteóir ’n-a ṫost, aċt nuair a ḃíoḋ fosgaḋ na gcrann aca ’sé ċuireaḋ an ċainnt uaiḋ.

“Biṫeaṁnaiġ! dearg-ḃiṫeaṁnaiġ atá ionnta!” adeir- eaḋ an fuinteóir, “aċt cuirfiḋ Saul ó Ṫarsus deireaḋ leó. Sin é an fear ḋóiḃ. Ċuir sé an ruaig ar a lán díoḃ ċeana. D’imṫiġ leó ṫar lear. Aċt is deacair a n-aiṫneaċ- táil. Táid glic. Táid an-ġlic. Mo ṁac-sa nó do ṁac- sa, b’ḟéidir, go mbeaḋ sé orṫa i ngan ḟios.....”

D’imṫiġ an t-asal amaċ ó ḟosgaḋ na gcrann ola agus ċuir sin deireaḋ le cainnt an ḟuinteóra go raḃadar ar an ḃfosgaḋ arís.

“Saul ó Ṫarsus! sin é an fear a ċuirfeas deireaḋ leó, na biṫeaṁnaiġ!” ars’ an fuinteóir. “Tá sé ṫoir san ḃfásaċ ar ḃruaċ na Mara Salainn ar a dtóir le mí. Na dearg-ḃiṫeaṁnaiġ!”

Ḃí sé faoi’n ngréin arís. Ag dul ar an ḃfosgaḋ ḋóiḃ an aṫ-uair duḃairt:

“Saul, sin é an fear a ċuirfeas deireaḋ leó. Tá luċt a dtreóruiġṫe i nIarúsalem go fóill, creidtear, agus níl ḟios cé’n diaḃlaiḋeaċt ḃíos ar siuḃal aca d’oiḋċe, mara ḃfuil ḟios ag Baintreaḃaiġ an Ḟíona é. Cé’n