Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

40

eile innseaċt faoi Ḃaintreaḃaiġ an Ḟíona dá dtogróċaḋ sé. Is minic d’ḟeictí í féin agus líon a tiġe ag gaḃail bóṫar go hIarúsalem ṫar éis ḋul faoi don ġréin; agus ḃí corr-ḋuine ann a ḃí i n-aiṁreas orṫa. Duḃairt Adáṫ, fuinteóir a ḃí ’n-a ċoṁnaiḋe ar aġaiḋ a tiġe amac, duḃairt sé le Selára an criadóir go gcuirfeaḋ sé ḋá ḃuilín déag de ṡean-eórna Ġalatia i n-aġaiḋ ḋá árṫaċ den ċineál ba ṁó rinne an criadóir go raiḃ Baintreaḃaċ an Ḟíona agus a muinintir ar luċt leanaṁna Ċríost a céasaḋ ag Calḃaire agus gurab é an fáṫ go dtainig sí san áit le ḃeiṫ i n-aice le Iarúsalem; ḃí an criadóir cinnte go raiḃ sé ag dul amuḋa—naċ iomḋa árṫaċ breáġ criad ċeannuiġ sí uaiḋ ó ṫáinig sí san áit agus nár íoc sí go cneasda i gcoṁnaiḋe?

“Biṫeaṁnaiġ atá ins na Críostaiḋṫe seo,” ars’ an fuinteóir nuair a ḃí an dá ṁála leaṫair líonta aige le huisge as an tobar a ḃí i n-aice leis an teaċ ’n-ar ċoṁnaiḋ Máire agus Márta, “dearg ḃiṫeaṁnaiġ atá ionnta, adeirim, agus ba ċóir iad a ruaigeaḋ as an tír,” agus ċroċ sé an dá ṁála ar ḋruim an asail.

Ṫug an ḃeirt ḟear an bóṫar mór orṫa féin. D’imṫiġ leó beirt, duine ar gaċ taoḃ den asal agus gan focal le ráḋ aca ar feaḋ i ḃfad. Ḃíodar ag dul i n-aġaiḋ an áird agus ḃí teas mór an tsaṁraiḋ ann. Ṁoṫuiġeadar an teas go millteaċ. Ḃí spéir ġorm gan néal dá laiġead le taḃairt faoi deara innti ós a gcionn—spéir ċoṁ gorm le haon dá ḃfaca súil ḟir ariaṁ; grian ṁór ḃuiḋe i lár buill na spéire sin agus gan smaṫaṁ gaoiṫe ann le n-a n-aġaiḋe teó a ḟionnḟuaraḋ; an talaṁ ar ċliaṫán an ċnuic atá ós cionn Ḃeṫánia ’n-a ḃalc agus na cloċa aoil ag éiriġe aníos as. Cloċa! cloċa! cloċa! Ní raiḃ ann aċt cloċa ċeapfá i dtosaċ; ní ḟaca an ḃeirt a ḃí ag gaḃail an bóṫar na cloċa féin. Ḃí a gcinn fúṫa ag déanaṁ an ḃealaiġ ḋóiḃ; ḃí a ċeann faoi ag an asal;