Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

29

Ṫáinic smaoineaḋ ċugam. Ḃí fleaḋ ar siuḃal istiġ; naċ raiḃ sé de ḋualgas orm an méid grinn ar féidir a ṫaḃairt do na haoiḋiḃ? Laḃras le saiġdiúr. D’uṁluiġ sé a ċeann. Ċuaḋas féin isteaċ.

Casaḋ Herodias liom i n-aice an dorais agus sgamaill tóirniġe ós cionn a ḋá súl.

“Gléastar Salomé i gcoṁair rinnce, a ḃean,” arsa mise.

“Déanfar é, a ṫeatrairc,” agus d’imṫiġ sí.

Ċuaḋas i láṫair na cuideaċtan. Níor innsiġeas ḋóiḃ goidé an greann a ḃí ceapaiġṫe agam le n-a n-aġaiḋ. Ṡín ban-ṁoġa corn fíona ċugam. Ḃí ḋá ṗéacóig oilte i lár an urláir agus a n-aoḋaire ’ġá ngríosaḋ ċun clis áiṫrid a ḋéanaṁ. Ṫáinic giolla go dtí an doras. Laḃair giolla eile liom-sa.

“Tugtar isteaċ é,” arsa mise.

Seólaḋ fear a raiḃ craicne cáṁall mar ḃrat air isteaċ agus cúigear saiġdiúr ’n-a ṫimċeall. Do ġáir an ċuideaċta ar ḟeiceál an ḟir seo ḋóiḃ. Ḃí faoi ċuid aca a ṁaslaḋ. Níor leigeas dóiḃ.

“Má’s príosúnaċ féin é déanaḋ sé coṁġáirdeaċas linn anoċt. Tugtar fíon dó agus biaḋṫa so-ḃlasta,” arsa mise.

Tairgeaḋ an lón agus an deoċ ḋó. Níor ḃlais sé díoḃ,

“B’ḟeárr leis lócuistí ó’n ḃfasaċ, agus mil ó’n gcoill, agus uisge leaṁ ó Ṡruṫ Orṫannáin ná do ċuid bíḋ-sa, a ṫeatrairc,” arsa Róṁánaċ óg a ḃí le m’ais.

Fear grinn a ḃí san Róṁánaċ. Ḃí a ṡáiṫ don ḟíon ólta aige freisin. D’éiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ. Ċuir sé clogad práis ar ċeann an ṗríosúnaiġ. Ċeangal sé claiḋeaṁ faoi n-a ċom. D’ḟáisg sé lúireaċ Roṁánaċ ’n-a ṫimċeall. Ċan sé aṁrán cogaiḋ ag cur i n-iúl do ċáċ naċ mbéaḋ aon taoiseaċ airm aca feasta aċt é. ....