Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

28

Ḃuaileas amaċ faoi’n spéir. Ḃí an ġealaċ ’n-a suiḋe agus daṫ na fola uirri. An bunnán léana ag sgréaċ go huaigneaċ sa ḃfásaċ; an faolċú ag bagairt imeasg sléiḃte Ṁóab. Aċt is mó go mór an tsuim a ċuireas i nglórṫaiḃ an té a ḃí i ngéiḃeann agam i dtóin an tobair i nGáirdín an tSuaiṁnis. Ṫáinic cuid dá ċuid cainnte ċugam ar an ngaoiṫ:

“Mo ṁallaċt-sa orra .... mo ṁallaċt ar an ḃfear d’ḟuadaiġ bean a leas-ḋearḃráṫar .... Ná raiḃ slioċt orra .... an stríopaċ a ṁasluiġ an Dia a ċruṫaiġ í le ain-ṁian a colna .... aċt tiocfaiḋ a lá. ....”

Ḃí guṫ iongantaċ aige, guṫ láidir dúṫraċtaċ a raiḃ an oiread coranna agus casaḋ ann agus tá de ḋaṫaiḃ san tuar ceaṫa. Ṫaiṫniġ a ġuṫ go breáġ liom. Ċuaḋas go dtí an tobar ’n-a raiḃ sé. Ar a ṫeaċt i ḃfogus an tobair ḋom ċonnaiceas oċtar nó naonḃar ag éaluġaḋ uaim san dorċadas. Ċuiṁniġeas go dtugas cead do ċuid dá luċt leanaṁna ṫeaċt ar cuairt ċuige gaċ re lá: naċ deas an teagasg ḃí sé a ṫaḃairt ḋóiḃ? Aċt ba ċuma liom-sa.....

Leig saiġdiúr dá raiḃ ann trillseán síos sa tobar tirm ar ċeann slaḃra, agus b’iongantaċ an raḋarc a ḃí le feiceál againn. Fear árd caol lom cosnoċtaiġṫe ceann- noċtaiġṫe agus craicne cáṁall timċeall air mar ḃrat. Ḃí sé leigṫe traoċta, cuma an ocrais agus an ġáḃtair ’n-a aġaiḋ uasail agus é ag caiṫeaṁ briaṫra troma tar- cuisneaċa liom-sa agus gaċ briaṫar díoḃ ċoṁ géar gáḃṫaċ le ga Róṁánaċ. Aċt an dá súil a ḃí ’n-a ċeann! Agus an ḟéaċaint ṫug sé orm-sa! Dá mbéaḋ gaċ ainsprid dár ṡiuḃail an doṁan ariaṁ ’mo ċolainn ní ḟéadfaḋ sé féaċaint ba niṁniġe ná ba fuaṫṁaire ṫaḃairt orm. Naċ uaṫḃásaċ an cruṫ ċuireas daoine orra féin de ḃárr creidiṁ, a Réisín?