Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

30

Do hólaḋ tuilleaḋ fíona. Gaḃaḋ na haṁráin ba ġáirseaṁla agus do hinnsiġeaḋ na sgéalta ba ḋrúiseaṁla, aċt ós cionn an ḟoṫraim agus an ġleó do cluinfiḋe an príosúnaċ ag síorġuiḋe agus ag ráḋ:

“Mo ṁallaċt ort, a ṫeatrairc na Gaililí. Mo ṁallaċt ar an tsríopaiġ atá agat mar ṁnaoi. Tiocfaiḋ Mac Dé i ḃfeirg. Tá láṁ Ṁic Dé trom. Leagfaiḋ sé a náiṁde. Díbreóċar amaċ san dorċadas iad. Meilfear a slioċt agus slioċt a sleaċta idir brónaiḃ an dá ṡaoġal.....”

Naċ agam a ḃí an ḟoiġid gan é ṫaċtaḋ? Aċt níor ċuir a ċainnt aon imniḋe orm—ní raiḃ slioċt orm ariaṁ.


∗             ∗

Is annsin a ṫáinic sí ċugainn an inġean áluinn, Salomé an ṁí-áḋa. Ní raiḃ cúṫalaċt ag baint léiṫi ariaṁ, aċt ba ḋóiġ leat uirri agus í ag teaċt anall ċugainn treasna an úrláir agus na fir uile ag breaṫnuġaḋ uirri faoi iongnaḋ naċ raiḃ aon ḃean ċúṫalaċ ar an saoġal ariaṁ aċt í. I n-aireagal liom féin a ḃíos, agus do ḋruid sí i leiṫ ċugam go malltroiġeaċ, do ṡuiḋ ag mo ċosaiḃ, do ċuir a ḋá láiṁ timċeall mo ḋá ġlúin agus do ḋearc suas sa n-éadan orm go truaiġṁéalaċ ar nós duine ḃéaḋ ar tí aisge a iarraiḋ.

“Táim réiḋ, a ṫeatrairc, aċt ná hiarr orm daṁsa a ḋéanaṁ,” ar sise.

Ḃí ḟios agam go raiḃ sí ag féaċaint go háluinn agus ḃí aiṁreas orm go raiḃ ḟios aici go ḃféadfaḋ a háilneaċt mé a ḃogaḋ. Naċ orm a ḃí an díṫcéille gur ċeapas go raiḃ náire uirri daṁsaḋ ós coṁair na cuideaċtan fear seo? Ḃí fúiṫi damsaḋ ó ṫosaċ. Ní raiḃ uaiṫi ar feaḋ an ama aċt a ḃeiṫ ag spoċaḋ asam, ḋom’ ġriogaḋ le n-a háilneaċt ar ċoṁairle a máṫar le go dtiuḃrainn di an aisge ḃí uaṫa araon. B’ise an caṫ agus ba mise an