Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

24

Mara ḃfuilim ag cur tuirse ort cuirfead i gcuiṁne ḋuit cé mar ḃí an sgéal agam annsin. Ḃí gean agam ar Ṡalomé, inġean mo ṁná. Ḃíos cinnte ḋe. Tá aiṫne agat orm: is eól duit naċ mbeireaḋ lá suaiṁnis arís orm mara mbéaḋ an ḃean dá dtugas gean agam idir corp agus anam. Aċt céard a ḋéanfainn le n-a máṫair, le Herodias an díomais? Í ṡeólaḋ a-ḃaile ċuig mo leas- ḋearḃráṫair, ċuig Filip? Dá ndéanfainn é sin, dá nglacfainn le coṁairle Eóin, ḃéaḋ an pobal uile ar mo ṫaoḃ. An ḃean dá dtugas fuaṫ a ḋíbirt agus naoṁ a ḋéanaṁ ḋíom féin! Ṫaiṫniġ an ċoṁairle sin liom, a Réisín—ba ṁór an greann é go gceapfaiḋe gur ḋíbir Ioruaiṫ bean uaiḋ mar ġeall ar aon reaċt.... Aċt ḃéaḋ orm Salomé a ḋíbirt ċoṁ maiṫ.... sin rud nár ṫaiṫniġ liom. Sin rud naċ ndéanfainn. Ní ḟéadfainn Herodias a ḋíbirt gan Salomé a ḋíbirt mar an gcéadna. Is olc an rud naṫair niṁe i dtiġ: ba ġéire agus ba niṁniġe an ḃean sin ná aon naṫair. Iongantas liom fuaṫ ban.....

Agus ḃí Aretas—nárḃ’ é an fear buile é, a Réisín?— ḃí Aretas ag fógairt cogaiḋ orm mar ġeall ar a inġin féin, an ċéad ḃean a ḃí agam ariaṁ: ní raiḃ aon aiṫne agat uirri, a ṁic—na cosa is luġa agus is gleóite dá ḃfacais ariaṁ aċt..... is cuma; beag áird a ḃí agam uirri nuair leagas súil ar Herodias uaiḃreaċ an ċéad uair. Agus ṫú féin, a Réisín: ḃí eagla orm go dtug Salomé gráḋ ḋuit ón lá ċonnaiceas i nGairdín an tSuaiṁnis siḃ. Níor ċuir sin imniḋe ná buaiḋirt orm, áṁṫaċ. Ḃí ḟios agam go sgaoilfiḋe an tsnaiḋm seirce (má ḃí a leiṫéid ann) dá sgarfaiḋe an ḃeirt agaiḃ ó n-a ċéile. Ṡeólas an ḃeirt agaiḃ ó n-a ċéile. Ṡeólas go páirc an áir ṫú, a Réisín, agus gan súil agam go ḃfillfeá..... Naċ iomḋa sin imniḋe agus cás a ḃíos ar ḟear a ṫug gráḋ do ṁnaoi indé, a ḃeireas gráḋ do