Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

25

ṁnaoi eile indiu, agus a ḃeireas gráḋ don treas ṁnaoi i mbáraċ? Tugaḋ faoi deara cé’n galar a ḃí ag gaḃail dom: Naċ cuiṁneaċ leat aor a rinne file fáin a ḃíoḋ ag taisdeal na tíre an uair sin orm. Ḃíoḋ geárr-ḃodaiġ na caṫraċ ḋá ġaḃail agus mé ag gaḃail ṫart ’mo ċarbad.

Naċ tú atá óg agus a leiṫéid de ċeist a ċur orm! Cad ċuige nár ḋíbriġeas an ḃeirt aca? Cad ċuige naċ ndeárnas socruġaḋ le mo náiṁdiḃ, le haṫair mo ċéad ċéile agus leis an bpobal Iúdaċ? An gráḋ a ḃí agam ’mo ċroiḋe istiġ do Ṡalomé .... aċt ná ceap naċ ndeárnas mo ṡeaċt ndíċeall an gráḋ sin a ṁúċaḋ. Ġlacas le mór-ċuid den ċoṁairle ḃeirtear do ḋaoine a ḃíos ’n-a leiṫéid de ċás, an ċoṁairle ṁaiṫ sin atá le faġáil san oċtṁaḋ caibidil déag de leaḃar feallsaṁnaċta Éileada. Mé ḃí go gnóṫaċ ó ḋuḃ go duḃ. Obair riaġaltais a leigeas le failliġe le suim aimsire rinneas í. Ċuaḋas ar aġaiḋ go dána leis an gcogaḋ. Níor laḃras le Salomé aċt is corr-oiḋċe naċ mbíoḋ mná ’mo ċuideaċtain ag déanaṁ aoiḃnis ḋom. Is cuiṁneaċ leat an ḃuiḋean ḃan-rinnceóirí ḃronn an t-Impire orm—agus ḃí mná áilne orra siúd, mná donn- ċneasaċ’ colpaċ’ cruinn-ċíoċaċ’ bolg-ṡúileaċ’. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann, áṁṫaċ. Bíonn an dá ġráḋ ann mar is eól duit, an gráḋ corparḋa agus an gráḋ anma. An ċéad ċineál ṫugas do na mná rinnce, agus do ṁnáiḃ naċ iad, aċt ṫugas an dá ċineál do Ṡalómé, agus tá ḟios agat féin naċ mbíonn aon leiġeas i ndán don té ḃeir an dá ċineál gráḋ do ṁnaoi. Níl tú cinnte ḋe, an eaḋ? Ní raiḃ mé féin cinnte ḋe uair; tá anois.


∗             ∗

Seaḋ, rinneas mo ḋíċeall. Ġlacas an ċoṁairle ’n-a iomlán mórán—mná iasaċta, fíonta draoiḋeaċta ó ċríoċaiḃ na hAraibe, obair ṫrom—is minic a ċaiṫeas lá