Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

23

“Níor ċeapas gur tú a ḃí ann,” arsa mise, ciotaċ go leór.

“Agus ní aiṫneóċṫá mo láṁ-sa ṫar láiṁ mná ar biṫ eile!” ar sise, “má’s ag éirġe tuirseaċ ḋíom atáir ...”

Do ṁóidiġeas nárḃ’ eaḋ. Ṫugas mo ṡeaċt mionn mór air. Ċuireas i n-eól di é leis na mílte póg agus barróg. Ar ċreid sí mé? Cá ḃfios dom? Is mó an léargus atá ag na mnáiḃ sna neiṫe sin ná mar tá againn-ne. Bíonn fios aca go mbíonn fear ag éirġe tuirseaċ díoḃ sul má mbíonn a ḟios ag an ḃfear féin é. Sin buaḋ atá aca. Ar ċaoi ar biṫ leig Herodias uirri féin gur ċreid sí gaċ briaṫar de mo ḃriaṫraiḃ béil.

“Mo ṗeata ṫú,” ar sise—aċt cé an ṁaiṫ ḋom innseaċt ḋuit-se, a Réisín atá eólasaċ sna neiṫe seo céard é an rud adeireaḋ bean agus aisge uaiṫi? Tá aiṫne ṁaiṫ agat ar t’ aṫair altroma: an dóiġ leat go ḃféadfaḋ sé aon rud a ḋiúltaḋ do ṁnaoi a laḃraḋ go bladaraċ gráḋṁar leis? An iongnaḋ mór leat gur geallaḋ ḋi go gcuirfiḋe ceangal na gcúig gcaol ar an amadán úd a ḃíoḋ ag seanamóireaċt agus ag déanaṁ uisge-faoi- ṫalaṁ timċeall na tíre an uair sin? Ó ’seaḋ, sin é an t-ainm tugaḋ air—Eoin Baisde. Ḃíoḋ sé ag síor-ráḋ leis an bpobal go ndeárnas eagcóir agus bean mo leas- ḋearḃráṫar a ḟuadaċ agus a ṗósaḋ. Beag áird a ḃí agam- sa air féin ná ar a ċuid seafóide, aċt ġoill a ċuid cainnte ar Herodias nó leig sí uirri féin gur ġoill. Go deiṁn duit, a Réisin, ní ar Eóin ná ar Herodias, ná ar Aretas, aṫair mo ċéad ċéile a ḃí ag fógairt ċaṫa orm faoi’n am seo—ní orra a ḃíos ag smaoineaḋ an oiḋċe sin aċt ar Ṡalomé aoiḃinn áluinn..... Ar ċaoi ar biṫ do gaḃaḋ Eóin agus do cuireaḋ i ngéiḃeann é i dtóin tobair ḋoiṁin ṫirm ag ceann an ġuirt ḃig úd ar ṫugamar Gáirdín an tSuaiṁnis air.


∗             ∗