Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

22

go mbeiḋ ḟios agat cé’n ḃaint a ḃí aici le do ċuid saiġdiúraċt’. Aċt ḃí aiṫne agat uirri. Ḃí, agus gean. Is maiṫ is cuiṁin liom lá dá raiḃ an ḃeirt agaiḃ ag déanaṁ aoiḃnis ar an mbán ar aġaiḋ an tiġe. Aimsir ḟionnḟuaraċ a ḃí ann. Ḃí crainn almoinne agus crainn óráisdí faoi ḃláṫ agus an saoġal mór go háṫasaċ i ndiaiḋ doininne an ġeiṁriḋ. Aċt ag breaṫnuġaḋ oraiḃ-se ḋom ṫríd an ḃfuinneóig do ċeapas naċ raiḃ aon ní sa saoġal áluinn seo ċoṁ háluinn liḃ.....

Ċuir tú an ġirrseaċ ag daṁsa ar lic. Ní hiongnaḋ liom aoiḃneas a ḃeiṫ ort ag féaċaint duit ar a háilneaċt. Aċt sgaoileaḋ iall a bróige. Ṫuit sí. Ṫóg tusa í go cúramaċ. Ṫug póg ḋi ar an mbéal. Ḋearg sí. Ṫáinic pus uirri—is cuiṁneaċ leat an béal gáireaċ ḃí uirri? Aċt an ḟéaċaint a ṫáinic ’n-a súiliḃ! “Ḃeirim do duḃ- ṡlán é ḋéanaṁ arís,” an rud a ḃí léir ó’n ḃféaċaint sin. Agus ní ḋeárna tú é! Ḃí tú óg agus is beag eólas a ḃí agat ar ċanaṁaint na súl. Ní ḃéaḋ uait aċt an ḟaill anois, a rógaire!

Aċt ḃí a ṁalairt de ḟéaċaint ’n-a gnúis ag dul ṫar an ḃfuinneóig ḋi nuair a sgar sí uait. Féaċaint ġreannṁar an ḟéaċaint sin. Corr-ḋuine ḟeiceas í i ngnúis mná an ċéad uair. An té ċíḋeas tig aoiḃneas ar a ċroiḋe, tig smaointe ’n-a aigne.....

“Ní páisde atá againn i Salómé anois,” arsa mise liom féin, “aċt bean, bean áluinn aibiḋ,” agus ṫosuiġeas ag smaoineaḋ ar ṫréiṫre na mban.....

Cé ṫiocfaḋ orm agus mé sa maċtnaṁ sin aċt Herodias. Sul ar airiġeas im’ aice í, leag sí láṁ go gráḋṁar orm ar ċúl mo ċinn ar a sean-nós féin. Ní ḟéadfainn innseaċt ḋuit, cá ḃfuiġinn mo ríoġaċt ar ais air, cé’n fáṫ gur ċaiṫeas an láṁ uaim go mí-ṁúinte. Aċt ṫuig Herodias cé’n fáṫ go ndéarnas é: an ḃfaca tú spréaċaḋ ó ifreann i súiliḃ mná ariaṁ, a Réisín? Ní ḟaca tú. Ní feárr ḋuit ar biṫ é. Aċt ċuir an ḃean eagla mo ċroiḋe orm.