Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

16

D’ḟéaċ a raiḃ ann ’n-a ṫreó, aċ aṁáin an ḃeirt ḃan; d’ḟéaċadar siúd ar a ḃfearaiḃ, agus ní fada go raḃadar ceaṫrar cois a ċéile.

“Na súile atá ’n-a ċeann!” arsa Matan.

“An draoiḋeaċt atá aige!” arsa Coba.

“Cé hé féin?” arsa Ramas le Matan.

“Cé hé féin?” ars’ Am le Coba.

Tá mná ann agus ní ḟéadfaidís an ḟírinne a ráḋ ar ócáid den tsórt seo, dá ḃfuiġidís an saoġal mór air. Ní ḟéadfaidís adṁaċtáil gur ċuireadar spéis i ḃfear aċt sa ḃfear a raiḃ suḃáilce nó duḃáilce ṫar ṫeórainn ann. Duine díoḃ seo dob’ eaḋ Coba.

“Sin é ... sin é an fear a ḃain an ceann d’Eóin Baisde,” ar sise agus uaṫḃás uirṫi.

Luċt leanaṁna Ċríost b’eaḋ muinntir an ḃaile ḃig seo, agus ḃí gráin aca ar náiṁdiḃ Ċríost agus ar náiṁdiḃ Eóin.

D’ḟéaċ an ḃeirt ḟear ar an gcoiṁṫiġeaċ óg a ḃí ’n-a ṡuiḋe leis féin ’sa gcúinne, agus ṫáinig alltaċt agus gráin orṫa. Aċt is ar a ċéile, aṁṫaċ, d’ḟéaċ an ḃeirt ḃan, agus nuair d’ḟéaċ do ṫuigeadar a ċéile.

“Ní hé an fear sin é ar ċor ar biṫ,” arsa Matan, “aċt ... aċt ...”—ṫáinig creaṫaḋ uirṫi—“ní hé an fear sin é ar ċor ar biṫ, aċ Iúdás Iascariot.”

Ḃí sé ’n-a ḋíospóireaċt eatorra gan mórán moille. Ṫáinig fuinneaṁ i nglórṫaiḃ na ḃfear agus géire i nglórṫaiḃ na mban agus gaċ fear díoḃ ag caḃruġaḋ le n-a ṁnaoi féin. Duḃairt Coba go mb’é fear díċeannta Eóin Ḃaiste é: cé’n fáṫ naċ gcuidiġeaḋ Am léiṫi agus é luaiḋte léiṫi? Agus duḃairt Matan go mb’é Iúdás Iascariot é: b’ait an rud é mara gceapaḋ Ramas go raiḃ an ḟírinne aici. Ní fada go raiḃ sé ’n-a ḃriaṫar-ċaṫ ann. Ní ró-ḟada go raiḃ sé ’n-a aċrann. B’ḟóbair ḋó ḃeiṫ ’n-a ḋearg-ár idir an gceaṫrar. Ḃéaḋ freisin maraċ