Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

15

Nuair ṫug an ḃeirt ḃan casaḋ leis i dtosaċ, nuair a ṫug Coba agus Matan faoi deara sa gcúinne é, agus a ḋruim leó, agus a ċeann faoi aige, ṫáinig misneaċ ċuca, agus ḋruideadar anall ċuige de réir a ċéile; go deiṁin is ar éigin d’ḟéadadar gan láṁ a leagaḋ ar a ṁuineál leis an draoiḋeaċt a ḃí orṫa aige, leis an diablaiḋeaċt a ḃí ann, dá mb’ḟíor dóiḃ féin. An ḃeirt ḟear a ḃí luaiḋte leó, Ramas an gréasaiḋe bróg, agus Am an saor cloiċe, ṫáinigeadar isteaċ faoi seo, agus ḃuail éad iad ar ḟeiceál na mban dóiḃ.

Fear toirteaṁail téagaraċ a ḃí i nAm, agus do ṡuiḋ sé faoi ḟuinneóig agus fonn air an ḃean a ḃí luaiḋte leis féin a ṫaċtaḋ; ḃí Ramas árd caol buiḋe, agus ḃí sé ’n-a ṡeasaṁ le n-a ṫaoiḃ agus é cinnte dearḃṫa ’n-a intinn féin naċ raiḃ ó aon ṁnaoi dar rugaḋ ariaṁ aċt coiṁṫiġeaċ a mbéaḋ gruaig ḟada ḋuḃ ċas air a ḃeiṫ mar ċéile aici!

Ḃí limistéar maiṫ sa teaċ agus gan ann aċt beagán soluis, agus ní leor mór do na haoiḋeaḋaiḃ ċonnaic aġaiḋ an ċoiṁṫiġiġ, agus ba luġa ná sin an méid díoḃ ṫug faoi deara cé’n ḟéaċaint a ḃí ’n-a ṡúiliḃ. Ceapaḋ gurab é an fíon maiṫ meisgeaṁail ón nGréig a ċuaiḋ i gceann an ċeóltóra—ḃí ceóltóirí tugṫa don ḟíon san tsean-aimsir féin; ceapaḋ gurab é broṫal na haimsire agus díċeall a saoṫair ba ċiontaċ le laige na mná. Níor bacaḋ le Ramas agus níor bacaḋ le Am, agus níor bacaḋ leis na mnáiḃ a ḃí luaiḋte leó; agus níor bacaḋ leis an gcoiṁṫiġeaċ féin ḃí ’n-a ṡuiḋe san gcúinne agus a ċeann faoi. Ḃí a ḋóṫain ar a aire ag gaċ duine agus a ġreann agus a aoiḃneas féin a ḃaint amaċ.

Ṫáinig sos beag ar an gceól. Ċeap Ramas agus Am go ḃfacadar a mbeirt ḃan ag coṁráḋ leis an gcoiṁṫiġeaċ.

“Peacaċ mé! Peacaċ mór mé!” ars’ an coiṁṫiġeaċ de ġuṫ árd.