Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

17

go ndeaċa Ramas amaċ sa ngáirdín mar a raiḃ an sluaġ naċ ḃfuair cuireaḋ ċun na bainse. Lean Matan é. Lean Am agus Coba iad.

Ḃí greann ar siuḃal sa ngáirdín, aċt ní feárr le daoine greann ná aċrann. B’ḟeárr leis na daoine a ḃí sa ngáirdín an oiḋċe sin an t-aċrann ná an greann. Ḃí braon ólta ag gaċ a raiḃ ann.

“’Sé an fear a ḃain an ceann d’Eóin Baiste é,” arsa Coba, “nár ḋuḃairt sé liom.....”

“’Sé Iúdás brocaċ é,” arsa Matan, maraċ gurab é cad ċuige ...”

Ċaḃruiġ Ramas le Matan. Ċaḃruiġ Am le Coba. Ċaḃruiġ muinntir Ramas le Matan. Ċaḃruiġ muinntir Am le Coba. I gceann tamaill ḃig ḃí ḋá ḋream sa ngáirdín, dream díoḃ ag taḃairt na mionn go mb’é fear díceannta Eóin Ḃaisde an coiṁṫiġeaċ óg, agus dream eile ’ġá mbréagnuġaḋ go dána fíoċṁar.

Aċt níor dóirteaḋ aon ḟuil. Níor ḃ’é gnás na tíre é fuil a ḋórtaḋ ar a leiṫéid d’ócáid. Ní raiḃ sé ’n-a lá go raiḃ an dá ḋream ’n-a gcodlaḋ go sáṁ, agus má ċonnaic aon duine acu an coiṁṫiġeaċ óg i mbrionnglóid níor innis sé d’aon duine eile é.


∗             ∗

Aċt ná ceaptar go mba ḃriaṫar-ċaṫ aon oiḋċe, ná coṁrac coṁarsan, ná easaontas ban cuireaḋ ar bun ag an mbainis úd a ḃí aca i Saċaman na Samaria, mar níor ḃ’eaḋ aċt cogaḋ, cogaḋ mór bliaḋna. Agus ní raiḃ fear ná bean ná páisde ar an mbaile naċ raiḃ ’n-a ṡaiġ- diúr sa cogaḋ sin. An páisde naċ raiḃ i n-ann siuḃal aċt go lúbaċ, dá gcastaoi a ċoṁ-aois leis ar an mbóṫar ’sé an ċéad rud deireaḋ sé leis aċt—

“Sé Iúdás é!”