Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

9

Ġlaoiḋ a ḃean air. D’iarr cead air a hinġean ḟeiceál.

“Tá cead agat filleaḋ ar mo ṫeaċ-sa,” ar seisean, “aċt, má ḟilleann, ní ḟágfaiḋ tú arís é le do ḃeo.”

Ḃí sé i n-aiṁreas ar na Críostaiḋṫiḃ go fóill: Cá’rḃ’ ḟios dó cé’n diaḃlaiḋeaċt d’imreoċaidís ar a inġin?

D’impiġ a ḃean air an cead a ṫaḃairt dí gan coinġeall. Ní ṫiuḃraḋ. Croiḋe cloiċe ḃí ann.

“Ḃfuilir sásta filleaḋ ar an gcoinġeall sin?” ar seisean.

“Nílim,” ar sise.

Ba ḃinn leis an ḃfeallsaṁnaiḋe an focal sin a ċlos, mar ḃí gráin aige ar an ḃfear eile. Aċt ’séard ba mian leis an mnaoi ḃeiṫ neaṁ-spleáḋaċ ar an mbeirt.

“Ní ḟillfeaḋ,” ar sí leis an gcriadóir, “agus ní ḟanfad leat-sa aċt oiread,” ar sí leis an ḃfeallsaṁ- naiḋe, “ó’n lá seo amaċ ní ḃacfad le aon ḟear dá ḟeaḃas é. Sean-ḃean anois mé mórán; táim críonna caiṫte le annró an tsaoġail. Aċt ḃíos go háluinn tráṫ. Rinne fir cuimse aṁrán do mo ṁolaḋ... Fágfad slán agaiḃ beirt anois, agus gluaisfead liom timċeall na tíre ag canaḋ na n-aṁrán breáġ rinneaḋ ḋom agus mé óg. . . mo ṁallaċt ar na fearaiḃ...”

Ḃí iongantas ar an mbeirt ḟear. A leiṫéid de ċainnt níor ċualadar ariaṁ ó ṁnaoi.

“A ḃean ar ḃruaċ an ḟuaráin,” ar sise, agus do ġaḃ sí an t-aṁrán go breáġ bríoġmar dána.


∗             ∗

Ḃí Críost i nIarúsalem an lá seo ag laḃairt leis an sluaġ ag doras an teampuill. Ḃí ḟios ag an gcriadóir sin. Ṫáinig glionndar air, mar ċeap sé go raiḃ faill aige é ċur i dteannta.

“Má ḟanair annsin go ceann uaire,” ar sé leis an mnaoi, “raċad isteaċ sa gcaṫair, agus glacfad coṁairle