Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

8

an óige;
suim sa mnaoi;
tuilleaḋ suime innti;
gráin ar a fear;
an smact a ċuir sé uirṫi;

Céard d’ḟéadfaḋ fear óg a ḋéanaṁ, dá mbáḋ feallsaṁ- naiḋe féin é, aċt an ḃean a ṫárrṫáil? Agus an raiḃ aon dóiġ eile ann le n-a ḋéanaṁ aċt í ḃreiṫ leis ċun a ṫíre féin?

Annsin:—

fuaṫ a gcarad;
coṁrac leó;
imṫeaċt ó n-a ṫír féin;
boċtanas i dtír eile;
an ḃean ag dul i n-aois;
é féin ag dul i n-aois;
an fuinneaṁ ag éaluġaḋ uaṫa beirt;
cantal;
neaṁ-aire;
fuaṫ;
beirt ḃoċt ar fán agus fuaṫ aca ḋá ċéile!

∗             ∗

Ḃí caise cainnte, ag teaċt ó ḃéal an ḟeallsaṁnaiḋe, aċt ba ḃeag an áird a ḃí ag an mnaoi a ḃí taoḃ leis ar a ċuid cainnte. Ag súil le duine éigin a ḃí sí, agus a súile sa tsliġe ṁóir, agus sa bplás leaṫan atá taoḃ amuiġ de ġeata Iarúsalem. Ag súil le n-a fear a ḃí sí, ag súil leis an gcriadóir; aċt ní le gráḋ ḋó. An inġean d’ḟág sí ’n-a diaiḋ ’n-a ṫeaċ a ḃí ag déanaṁ buaḋ- arṫa ḋi le seaċt mbliaḋna. Dá ḃféadfaḋ sí uair a ċaiṫeaṁ léiṫi ḃeireaḋ sí uaiṫi a raiḃ aici sa saoġal.....

Ċuaiḋ fear ṫart; oċt n-asail dá dtiomáint aige agus iad luċtuiġṫe le soiṫiġiḃ criaḋ. B’é an criadóir a ḃí ann.