Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

7

“Naċ ait an ċaoi orainn anois é! Aistear seaċtṁaine ’n-ár ndiaiḋ agus gan aċt cúig “assarion” againn sa saoġal! Cá ḃfuiġmid béile? Cá ḃfuiġmid éadaċ nó sliġe le n-ár gcolnaiḃ a níġeaċán? ’Seaḋ, beir ar an “gcinnór” sin agus taḃair port do na daoine atá ag gaḃail na sliġe .... Ní féidir leat é ḋéanaṁ, an eaḋ? An féidir leat aon ċeó a ḋéanaṁ? Aṁrán a ċanaḋ ḋóiḃ, an eaḋ? Ar buile atáir, a ḃean: An mian leat go ruaigfiḋe as an gcaṫair sinn? .... Ce’n mearḃall a ḃí orm gur ċeapas go raiḃ glór aoiḃinn agat tráṫ? .... agus na hamráin a rinneas dod’ ṁolaḋ! Na haṁráin a rinneaḋ ḋuit sul ar casaḋ liom-sa a’ ċor ar biṫ ṫú! Ná habruiġṫear liom feasta go ḃfuil ciall ag na fearaiḃ.....”

Rug an ḃean ar an “gcinnór” (cineál cruite) a ḃí le n-a hais, agus ḃain ceól beag as le n-a méaraiḃ.

“Caiṫ uait é sin, adeirim. An mian leat mé ċur ar buile? Ag caoineaḋ arís! Monuar an ċéad lá casaḋ liom ṫú! .... Aċt cé’n tubaist a ḃí ort go dtug tú annseo mé?”

“Ḃíos ag ceapaḋ ....”

“Bí do ṫost,” ar seisean. “Táim boḋar agat. Ní ḃíonn agam uait aċt cainnt, cainnt, cainnt de ló ná de oiḋċe! Tú ag áiteaṁ orm le seaċt mbliaḋna ṫeaċt annseo go dtí an tír ġann ġortaċ seo, agus níl sé de raṫ ort aon ċeó a ḋéanaṁ ann aċt do ṡúile a ṫaḃairt! Naċ agam a ḃeaḋ an saoġal suaiṁneaṁ maraċ ṫú! ....”

Ní ṡílṫeá go mb’é an fear óg a ḃíoḋ ag ceapaḋ aṁrán molta ḋi a ḃí ag cainnt. Aċt b’é. An saoġal d’aṫruiġ é. Maraċ go raiḃ baint aige féin leis an sgéal, ḃeaḋ sé ’n-a ċumas noċtaḋ do ḋuine go cruinn beaċt cé’n ċaoi ar haṫruiġeaḋ é. Ċuirfeaḋ sé síos gaċ ponc de réir a ċéile mar seo:—