Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

6

Faoi ċrann fíneaṁna ḃí sé ’n-a luiġe nuair a ċuala sé ag teaċt í agus an t-aṁrán úd a ċum sé, “A ḃean ar ḃruaċ an ḟuaráin,” ’ġá ġaḃail aici.

Do ġeiteadar beirt. Do ḃeannuiġeadar ḋá ċéile go dílis dúṫraċtaċ gráḋṁar. Agus annsin, faoi ḃun an ċrann ḟíneaṁna taoḃ amuiġ de ġeata mór na caṫraċ, d’innis sí ḋó cé mar ṁasluiġ a fear í gaċ lá ó casaḋ le ċéile ċeana iad.

“Ní ró-ḟada eile ḃéas sé ’n-a ċumas sin a ḋéanaṁ,” ars’ an sgoláire óg agus cuṫaċ ’n-a ġlór. Fág a ṫeaċ ido ḋiaiḋ agus gluais liom-sa ó ṫuaiḋ fá ḋéin críċe na nGréagaċ, áit a mbeiḋ sonas agus séan orainn, aoiḃneas agus aiteas .... tá an saoġal mór .... má tá inġean féin agat ....”

An oiḋċe sin d’ḟág fear agus bean an ċaṫair ársa aoiḃinn ar a dtugtar Hebrón, agus níor facṫas ann níos mó iad, cé gur ċuartaiġ an criadóir gaċ poll agus póirse dá raiḃ i ḃfoisgeaċt fiċe míle dá ḃaile.


∗             ∗

D’imṫiġ deiċ mbliaḋna. Comóraḋ féis agus árd- oireaċtas Iúdaċ i gcaṫair Iarúsalem. Ḃí triall na mílte ar an gcaṫair sin le trí lá agus trí oiḋċe. Ḃí ceannaiḋṫe ann ó’n Oirṫear le n-a gcuid cáṁall; Roṁánaiġ uaiḃreaċa; Gréagaiġ glioca clisde; Síríniġ; Filistíniġ; geócaiġ; bacaiġ; ceóltóirí; taoḃ amuiġ de ṗríoṁ ġeata na caṫraċ ḃí beirt ċeóltóirí agus cosaṁ- laċt go raiḃ aċrann ar siuḃal eatorra. Ḃeaḋ ar ḋuine breaṫnuġaḋ go géar ar an mbeirt nó ní aiṫneóċaḋ sé ár mbeirt carad, an sgoláire óg agus bean an ċriadóra. Ḃí cuma agus crot an donais orṫa. Ba léir do ḋuine ó na sean-ġiobal a ḃí ’na dtimċeall go raḃadar ṫar éis aistear fada anróiteaċ a ċur díoḃṫa.

Ḃí seisean ag cur de go feargaċ: