Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

5

an doras a réabaḋ agus an ḃean ḟaiteaċ a ḃreiṫ leó a ḃaile.

Naċ ag an sgoláire óg a ḃí an truaġ ḋí! Naċ é ċeap í ḃreiṫ leis a-ḃaile go tír na Gréige, áit a mbeaḋ sonas agus séan uirṫi agus gaċ ní ar a mian!

An oiḋċe sin ċum sé aṁrán eile. “An tseóid imeasg na muc” tugtar ar an aṁrán sin.


∗             ∗

Ċoinniġ an criadóir greim ṁaiṫ ċruaiḋ ar a ṁnaoi tréis na hoiḋċe seo. Ḃí sé i n-aiṁreas uirṫi. Ḃí sé i n-aiṁreas ar an sgoláire óg mar an gcéadna. Cárḃ’ ḟios dó naċ raiḃ seisean ar an dream úd ar ar tugaḋ Críosdaiḋṫe, agus naċ maiṫ a ḃí ḟios aige cé na gníoṁarṫa náireaċa ḃíoḋ ḋá gcleaċtaḋ aca siúd de ṡiuḃal oiḋċe i gcuasaiḃ talṁan, agus i gcreagaiḃ sléiḃe, nó i sráidean- naiḃ iargcúlaċa i gcaṫair Hebrón féin! Na páisdí rugadar leó le ioḋbairt a ḋéanaṁ díoḃṫa ar a gcuid altóir! Na mná ṁealladar leó amaċ fá na sléiḃtiḃ! Ba ġráin leis an gcriadóir luċt leanaṁna Ċríost, agus ó ḃí fuaṫ agus dearg-ġráin ar an sgoláire óg ba ḋóiġ leis go mba duine díoḃ eisean. Aċt ní leigfeaḋ seisean a ḃean leó. Ċuirfeaḋ seisean smaċt uirṫí. An spriosán beag fionn (mar ṫug sé ar an sgoláire) i n-ann a ḃean a ḃladar! Aċt ċaiṫfeaḋ sé ḃeiṫ ar a aire ar na Críos- taiḋṫiḃ: Ḃí draoiḋeaċt éigin aca siúd agus naċ duine aca siúd an fear óg. Má ḃí ciall na seaċt suaḋ ndall ’n-a ceann féin níor ṁór ḋó ḃeiṫ cúramaċ.

Faoi ḋó sa ráiṫe ḃíoḋ ar an gcriadóir turas a ṫaḃairt ar ċaṫair Iarúsalem le n-a ċuid árṫaċ criaḋ a ḋíol. Ar na hocáideaċaiḃ seo do casfaiḋe an ḃean agus an sgoláire óg ar a ċéile taoḃ amuiġ de’n ċaṫair. Ba gnáṫaċ leó coinne a ḋéanaṁ le ċéile, aċt casaḋ an ḃean leis lá agus gan aon tsúil aige léiṫi.