Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

4

“A ḃean ar ḃruaċ an ḟuaráin” tugtar ar an aṁrán sin ’sna sean-duanairíḃ.

Marar ṁol an file go hiomarcaċ í ’n-a aṁrán, mar is gnáṫaċ le n-a leiṫéidíḃ, ní iongnaḋ é go mba leasg leis an ḃfeallsaṁnaiḋe óg an ċaṫair aoiḃinn ársa ’n-a raiḃ an tseoid uasal seo a ṫréigeaḋ ar an ḃfeallsaṁnaċt féin. Agus níor ṫréig. Nár ċáin sé an deifir agus nár ṁol sé an ṁoill ċeana? Ċuir sé faoi sa gcaṫair, agus ó ḃíoḋ sé i n-éadan a ċuid leaḃar, nó ag sgríoḃaḋ ar ṗár de ġréas níor cuireaḋ ceist ar an gcoiṁiġṫeaċ óg. Níor ċuir sé féin cainnt ar éinne aċt oiread. Duine a casfaiḋe leis ar an mbóṫar mór nó sa ḃfásaċ atá siar ón gcaṫair, ní déanfaḋ sé aċt beannuġaḋ dó de réir nósa na tíre. Is minic d’ḟeicfiḋe é ’ġá ḟuinneóig agus leaḃar ’n-a ġlaic aige; aċt is beag an ceapaḋ ḃíoḋ ag an té d’ḟeicfeaḋ go smaointeaċ annsin é go mba ṁó go mór an tsuim a ḃí aige i mnaoi an ċriadóra ná sa leaḃar.

Ón gcéad lá casaḋ san áit é níor éiriġ leis laḃairt léiṫi, aċt ċonnaic sé uaiḋ í go minic, agus ċuala sé cuid ṁaiṫ ’n-a taoḃ ó ṁuinntir an tiġe ’n-ar ċuir sé faoi. Laḃairt léiṫi, innseaċt di cé’n gean mór a ḃí aige ḋi, breiṫ ar láiṁ uirṫi agus imṫeaċt leis, sin é an t-aon smaoineaḋ ḃí ’n-a ċeann faoi’n am seo.

Ba ġeárr go ḃfuair sé an ḟaill.

Buaileaḋ doras an tiġe go trom agus go tobann oiḋċe. Cé ḃéaḋ ann aċt an ḃean. A gruaig sgaoilte léiṫi, í cosnoċt, sgeóin ’n-a ḋá súil agus gan ’n-a timċeall aċt brat oiḋċe.

D’osgail muinntir an tiġe an doras ḋi. A fear a ḃí tar éis í leadraḋ go neaṁṫrócaireaċ. Ḃí sé ar a tí. Ḃí eagla a hanma uirṫi. An dtiuḃraidís lóisdín oiḋċe di? Ṫiuḃraḋ gan aiṁreas, aċt ar an nóiméad sin cluineaḋ glórṫa fear ag doras an tiġe. An criadóir agus a ċuid fear a ḃí ann agus ba ġeárr an ṁoill orṫa