Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

3

Ar Iarúsalem ḃí triall an ḟir óig, agus ḃí ceapaḋ aige go sroiċfeaḋ sé an ċaṫair ġeal ġrianaċ sin roiṁ luiġe na gréine. Aċ ní ḋeaċa sé ṫar Hebrón an oiḋċe sin.

I leaḃar lae d’ḟág sé ’n-a ḋiaiḋ, tá na focail seo leanas le faġáil:—

“An deifir an tsliġe a ċeap na deaṁain le cuid de ṡuaiṁneas an tsaoġail a ḃaint de’n ċineaḋ daonna.”

A ḟeallsaṁnaiḋe! Naċ tráṫaṁail a ċuiṁniġ tú air!


∗             ∗

Ṫaoḃ ṫall de’n tsliġe ó ṫeaċ criadóra an ḃaile ċuir an sgoláire óg faoi, agus ní raiḃ sé ṫar leaṫ uair ’n-a ḃruiḋin go ḃfaca sé an ḃean a casaḋ leis ag an tobar ag doras tiġe an ċriadóra. Ċuir sé a tuairisg. Duḃraḋ leis go mb’ í bean an ċriadóra í; agus ṫáinig cineál aitis ar a ċroiḋe nuair a tugaḋ sean-ċneaṁaire crosaċ can- talaċ ar an gcriadóir féin. Ṫáinic glionndar air nuair a ċuala sé go mba as tír Ġréagaiġ an ḃean; gur pósaḋ i n-aġaiḋ a tolaċ í; go mbíoḋ sé ’n-a ḋearg-ár idir í féin agus an criadóir mar ġeall ar na haṁránaiḃ ṁolta ḃíṫí a ḋéanaṁ ar a son.

“Mór-ṡeisear a ċeap í ṁeallaḋ le bladar cainte agus le haṁránaiḃ baoise,” arsa bean an tiġe leis, “aċt tá ciall na seaċt ruaḋ ndall i gceann aoiḃinn áluinn na mná sin. Aċt a fear ....”

Nuair a ṫug an sgoláire óg an leabaiḋ air féin an oiḋċe sin níor ḟéad sé codlaḋ aċt ag cuiṁneaḋ ar an mnaoi sin a casaḋ leis ag an ḃfuarán. Ḃí a ḋá súil sáiṫte ann, ċeap sé; nuair ṡílfeaḋ sé a ḋá ṡúil féin a ḋúnaḋ ba ḋóiġ leis go mbíoḋ sí ag druideaḋ leis, ag druideaḋ leis ... ṫuit néal beag air, aċt ní raiḃ ann aċt néal. Nuair nár éiriġ leis aon ċodlaḋ fóġanta a ḋéanaṁ, ṫosuiġ sé ag cumaḋ aṁráin agus dá sgríoḃaḋ ’n-a leaḃar de réir mar ḃí sé ’ġá ċumaḋ.