Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

51



V.


Doṁnall is Raġnall don ríoġraiḋ
Riaṁ nár tuġaḋ:
Soṁairle nár ṁeall a molaḋ
Ceann na gcuraḋ.

VI.


Ceaṫrar ó Ṡoṁairle ṡúl-ġorm
Suas go Suiḃne:
Ceaṫrar sin nár ḃ’ḟóill[1] n-innṁe —
Cóir a gcuiṁne.

VII.


Seisear ó Ṡuiḃne — ríoṁ raṫṁar —
Go Ríġ Colla:
Fíon aca fá ḃruaċaiḃ Banna
A cuaċaiḃ corra.

VIII.


Dá n-áirṁinn a dtáinig uime
D’uaisliḃ Ġaoiḋeal,
Béim ar én-ġlúin uaiḋ go hÁḋaiṁ
Ní ḟuair aoin-ḟear.

IX.


Ag so treas do ġinealaċ Ġaoiḋeal,
Mar do ġeallas:
An dream-sa ris nár ċóir coimeas,
’S dár ċóir ceannas.

TAGRA.

Dob’ é Eoin a hÍle seo céad-Ṁórṁaor Inse Gall; d’éag sé tuairim ’s an ḃliaḋain 1386. ’Sé Aonġus Óġ Mac Doṁnaill dob’ aṫair dó, agus uaiḋ sin mar an gcéadna do ṡíolruiġ Clann Doṁnaill Aontroma ar díoḃ Alasdair mac Colla.


  1. naċ fóill, R.C.