Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

50

IV. Molaḋ Sinnsear agus Gaoil Alasdair Ṁic Colla.


Ó hÉanna do Rinne so d’Eoin a hÍle.

[Slioċt Leaḃair Ḋuiḃ Ċloinne Raġnaill.]

I.


Ceannas Gaoiḋeal do Ċlainn Ċolla —
Cóir a ḟógra:
Siad arís ’na gcaṫaiḃ céadna,
Flaṫa Fódla.

II.


Ceannas Éireann agus Alban
An ḟuinn ġrianaiġ
Atá ag an dreim ḟuiliġ ḟaoḃraiġ —
Cuiriḋ cliaraiḋ.

III.


Fuair ceannas na haicme uile
Eoin a hÍle:
Fuair Alasdair flaṫ na féile
Raṫ na ríġe.

IV.


Doṁnall, Eoin agus dá Aonġus
’Mán ḟial ḟaoiliḋ:
Ceaṫrar do ḃean riar do ríoġaiḃ
’S dár ġiall Gaoiḋil.