Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/75

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

49



XIII.


Atá uaim i n-aol-ṁúr Ġall
Mo ċeann dá ċaoṁ-ċúl ċuaċ ḃfionn:
Bráiġe rem ḃreiṫ-se ’na gceann
Ceann an ṁeic-se Máire ar mionn.

Mionn súl Éireann i nÁṫ Cliaṫ.


Do ċuir an laoiḋ-se d’ḟiaċaiḃ ar Ġallaiḃ ceann Alasdran do ṫaḃairt anuas.

[Ba col ceaṫrair d’aṫair Alasdair ṁic Colla an t-Alasdar so.]


∗             ∗

Cúigear mac do ḃí ag Alasdair ṁac Eoin Ċaṫánaiġ i n-éagnais Ḋoṁnaill Ḃallaiġ do ḃí dall. Triúr ḋíoḃ so do ḋul sluaġ mór ḋ’Éirinn .i. Séamus agus Aonġus Uaiḃreaċ agus Soṁairle, go ndearnaḋ longport leo i nGleann Seisg ’sna Glinniḃ. Ó Néill .i. Seaán ṁac Ċuinn Ḃacaiġ ṁic Cuinn ṁic Éinrí ṁic Eoġain do ṫaḃairt amuis longṗort orra agus Aonġus Uaiḃreaċ do ṁarḃaḋ ann. Séamus do ġaḃáil buailte ann agus do éag i nDún Ġeanainn agus do cuireaḋ i n-Árd Ṁaċa. Soṁairle, ar mbeiṫ fada ar láiṁ ḋó, do léigeaḋ as é, agus do ṗós Máire, inġean Ċuinn Ḃacaiġ.

Colla ṁac Alasdair ṁic Eoin Ċaṫánaiġ, an treas mac fá seine ḋíoḃ, do rug an Rúta as láṁaiḃ Ċloinne Uiḃlin. Do éag i nDún Liḃse, agus dá éis sin do ġaḃ Soṁairle an Rúta.