Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

52

V. Molaḋ Ṁic Ḋoṁnaill.

File éigin ro ċan.

[Slioċt Leaḃair Ḋeirg Ċloinne Raġnaill.]

I.


Fíor mo ṁolaḋ: ar Ṁac Doṁnaill,
Cur le’ gceanglaim: cur gaċ coṁlainn.

II.


Croiḋe leoṁain: láṁ nár tuġaḋ.
Guaire Gaoiḋeal: aoin-ḟear Ulaḋ.

III.


[Aoin-ḟear Ulaḋ]: táṫ na bpobal.
Rosg le’ rugaḋ: cosg na gcogaḋ.

IV.


Grian na nGaoiḋeal: gnúis í Ċolla;
Fa ḃruaċ Banna: luaṫ a longa.

V.


Cuilén confaiḋ: ċoisgeas foġla.
Croiḋe cunnla: bile Banḃa.

VI.


Tír ’na teannail: deirg ’na ḋeaġaiḋ.
A ḃeart bunaiḋ: teaċt go Teaṁair.

VII.


Measgaḋ Miḋe: onċú Íle.
Fréiṁ na féile: tréan gaċ tíre.

VIII.


Níor éar aoin-ḟear: nó dáiṁ doiliġ
Craoḃ ḟial oiniġ: ó ḟiaḋ n-Oiliġ.

IX.


Níor ḟás uime: aċt ríoġna is ríoġa —
Fuiġle fíora: fíor mo ṁolaḋ.