Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

46

III. Sinnsearḋaċt is Gaol Alasdair Ṁic Colla.

[Slioċt Leaḃair Ḋuiḃ Ċlainne Raġnaill.]


Raġnall Arannaċ ṁac Soṁairle ṁic Alasdair ṁic Eoin Ċaṫánaiġ do fuair ceannas ṡleaċta Eoin Ṁóir .i. Iarla Aontroma. Do ġaḃ cóir ar a ḋúṫaiġ ó Ríġ Séamus an seisṁeaḋ ó Ḃun Banna go Corrán Laṫarna, obiit 1636, et sepultus Mergia.

Alasdair mac Soṁairle ba duine cróḋa leoġanta an gaisgeaċ soin, go háiriġṫe i n-aġaiḋ Sagsanaċ agus Ċloinne Uiḃlin. Do ċuaiḋ do ċungnaṁ le hinġin ḋearḃráṫar a aṫar .i. Inġin Duiḃ Ṡéamuis, an ḃean do ḃí ag Ó Doṁnaill .i. Aoḋ ṁac Maġnuis i n-aġaiḋ Ṡagsanaċ agus do ṫuit sé le Caiptín Marmél le hamus oiḋċe agus do beanaḋ a ċeann de ar ċrannóig Abair Loċa Lapáin, agus do cuireaḋ go Baile Áṫa Cliaṫ an ceann agus do cuireaḋ a ċorp i mainistir Beirt. Aṁail adeir Brian Ó Gníṁ:

I.


Mionn súl Éireann i n-Áṫ Cliaṫ —
Mo ġráḋ don ḃéil-dearg nár ḃaoṫ:
Ceann go síoḋ-ṡnuaḋ céim ós ċáċ;
A ġnáṫ féin ’gá ṁíon-ġruaḋ ṁaoṫ.