Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

45

Niall Mór Mac Muireaḋaiġ cct.

do Ruaiḋrí Mór Mac Leoid.

I.


Sé hoiḋċe ḋaṁ-sa san dún —
Níor ḃ’é an coinnṁe fallsa fuar:
Cuirm líonṁar ’gá hiḃe a hór —
Fíon-ḃruġ mór is líonṁar sluaġ.

II.


Teaġlaċ an tiġe ar gaċ taoḃ,
Fá hí an ḟine ṁeaḋraċ ṁór:
Ferrde suaiṁneas raṫa an ríoġ
Líon caṫa i n-uaigneas fá ól.

III.


Gáir na gcláirseaċ ’s na gcuaċ dtrom,
Ag naċ gnáṫaċ fuaṫ ná feall:
Gáir na mbleiḋe ḃfleasgaċ ḃfionn,
Lionn measgaċ is teine ṫeann.

IV.


Rí ó’ n-olḃuir aigneaḋ úr,
Conġḃaiḋ a ċaidreaṁ gaċ cliar:
’Na ríoġ-ḃruġ ní haisling ól
Dá ṡlóġ líonṁar ḟairsing ḟial.

V.


Fiċe meisge linn gaċ laoi —
Noċar leisge linn nó lé:
Fiú i neart ár mbeaṫaiḋ do ḃí
Ceaṫair, a trí, a seaċt le sé

Sé.