Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

44

Ní ḟuil do ṡlioċt fearḋa agam re n-a ċur síos ar slioċt Ḋoṁnaill a hÍle ag a ḃfuil tiġearnas aċt

Sior Doṁnall mac Doṁnaill ṁic Sir Séamuis ṁic Doṁnaill Ġuirm Óig ṁic Giolla-Easbuig ṁic Doṁnaill Ġuirm Ṡagsanaiġ ṁic Doṁnaill Ġuirm do marḃaḋ má Oilén Donnáin ṁic Doṁnaill Ġruamaiġ ṁic Doṁnaill Ġallaiġ ṁic Húirtiúin (ó’ ráitear Síol Húirtiúin) ṁic Alasdair a hÍle ṁic Doṁnaill a hÍle .i. céad Iarla Rois do Ċloinn Doṁnaill ṁic Eoin ṁic Aonġuis Óig

MARCÓS AONTROMA:

.i. Raġnall Óg mac Raġnaill Arannaiġ ṁic Soṁairle Ḃuiḋe ṁic Alasdair ṁic Eoin Ċaṫánaiġ ṁic Eoin ṁic Doṁnaill Ḃallaiġ ṁic Eoin Ṁóir ṁic Eoin ṁic Aonġuis Óig; agus mac a ḋearḃráṫar ’na oiġre anois ar an Ṁarcós, .i. Raġnall Óg mac Alasdair ṁic Raġnaill.

Ní ḟaicim do ṡlioċt ag a ḃfuil innṁe dár ġein ó Eoin Mór aċt Iarla Aontroma agus tiġearna na Leargan Ceinntíriġe ar slioċt Raġnaill Ḃáin ṁic Eoin Ṁóir, tiġearna na bPingingeaḋ i gCinntíre, ar slioċt Aonġuis Íliġ ṁic Eoin Ċaṫánaiġ.

SÍOL LEOID AGUS SÍOL TORMÓID.

Tormód Óg mac Eoin ṁic Eoin ṁic (.i. Ruaiḋrí Ṁór) ṁic Tormóid ṁic Alasdair ṁic Uilliam ṁic Eoin ṁic Uilliam ṁic Giolla-Ċoluim ṁic Tormóid ó’ ráitear Síol Tormóid ṁic Leoid ó’ ráitear Síol Leoid, mar tá, Mac Leoid Leoḋúis agus Mac Leoid na hEaraḋ.

Do b’eolaċ ḋúinn cúigear mac an Ruaiḋrí Ṁóir sin .i. Eoin an tiġearna agus Ruaiḋrí agus Tormód, Uilliam agus Doṁnall. Isibéal inġean Doṁnaill ṁic Aonġuis do ṁáṫair aca .i. Tiġearna an tSróim agus Ġlinne Garaḋ.