Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

43

V.

NA TIĠEARNAIḊE ḂÍ I gCOṀAIMSIR LEIS AN UĠDAR (.i. LE NIALL MAC ṀUI REAḊAIĠ).

É féin dá n-áireaṁ.

Cuirfead ann so síos duit, a léiġṫeoir, gaċ aon atá i dtiġearnas san aimsir-se ar slioċt Eoin ṁic Aonġuis Óig re’ n-abarṫaoi Mac Doṁnaill agus Mórṁaor na nOilén agus Rí Fionn-Ġall.

Slioċt Raġnaill céad-ṁac Eóin, mar aduḃramar roiṁe, Tiġearna Ċloinne Raġnaill.

Ailín mac Doṁnaill ṁic Eóin Ṁúideórdaiġ ṁic Doṁnaill ṁic Ailín ṁic Eóin Ṁúideórdaiġ ṁic Alasdair ṁic Ailín ṁic Ruaiḋrí ṁic Ailín ó’ n-abarṫar Síol Ailín ṁic Raġnaill ó’ ráiḋtear Clann Raġnaill ṁic Eoin mic Aonġuis Óig.

TIĠEARNA ĠLINNE GARAḊ.

Alasdair mac Raġnaill ṁic Doṁnaill Ġuirm ṁic Doṁnaill ṁic Aonġuis ṁic Alasdair ṁic Eoin ṁic Alasdair ṁic Doṁnaill (ó’ nduḃraḋ Síol Doṁnaill) ṁic Raġnaill ṁic Eoin ṁic Aonġuis Óig.

TIĠEARNA ṀÓIRÓIN.

Ailín mac Ailín ṁic Ailín Ṁóir mic Alasdair ṁic Ailín Ṁóir ṁic Duḃġaill ṁic Raġnaill Ḃáin ṁic Ailín ṁic Ruaiḋrí ṁic Ailín ṁic Raġnaill ṁic Eoin ṁic Aonġuis Óig.

TIĠEARNA ḂINNE ḂAĠLA.

Doṁnall Gorm mac Raġnaill Óig ṁic Raġnaill ṁic Ailín ṁic Eoin Ṁúideórdaiġ ṁic Alasdair ṁic Ailín ṁic Ruaiḋrí.