Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/68

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

42


IX.


Ar ionċaiḃ ro-ḋáiṁe a ríoġ
Arm d’iomċur ón uair do aoṁ,
Buḋ freaslaċ ar fraoċ na mblár
Laoċ mar mo ġráḋ seasṁaċ saor.

X.


Coinnle buḋ braise ’s gaċ blár
Buḋ soirḃe a ṫaise re truaġ:
Ag so an croiḋe buḋ ceart gráḋ
’Na loiġe ar lár searc na suaḋ.

XI.


Eo seile ’s an bradán bras
Is deireaḋ na ríoġ ó Ros:
So an tír-se tiar na ngeann nglas
Mo ġeall as is cian do clos.

XII.


Ón ċorp-sa cuireaḋ i n-uaiġ
Is boċt m’ḟuireaċ ar bioṫ bán:
Naċ féaġaim gur leam a luaḋ
Ceann na sluaġ dá ndéanaim dán.

XIII.


Iomḋa fear i nUiḃist ḟinn
Agus bean i mbuile ḃróin
Má ṫriaṫ do ċleiṫ isin ċriaiḋ,
Sgiaṫ na ḃfian nár ṫeiċ ó ṫóir.

XIV.


Níor ḃac Doṁnall díom re’ ḋul
Ní riaṁ do ṁaoiḋfinn mar ṁoḋ:
I mbeirn ḃaoġail ní ḃiaḋ leaṁ
Mo ġrian ġeal nár ċaoṁain croḋ.

Deiread d’aoiḃneas Innsi Gall.