Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

47



II.


Do ḃí d’airde i n-ua na gConn —
Rí díoḃ Cairbre na gcuaċ seang
’Gá raiḃe ceart ċláir na ḃFionn —
Ós cionn ċáiġ gur ċleaċt a ċeann.

III.


A ḃeiṫ gan ḟios níor ḃ’áill leis —
A ġnáṫ gus a-niuġ a-nois
’Gá ċéiḃ ṁíon-ṁaoiṫ ċlann-úir ċais,
’Gá ṁall-ṡúil ġlais ríoġ-laoiċ rois.

IV.


An mian buḋ gnáṫ don ġeal donn
Aniuġ i n-Áṫ Cliaṫ ’gá ċionn:
Dob’ é mian a ṁalaċ seang
Gan ċeann d’ḟalaċ don ḟial ḟionn.

V.


Ceann an ḟaḃra ḋosaiġ ḋlúiṫ
Re frasaiḃ garḃa, re gaoiṫ:
Ciall mo ṁí-ṁeanma ós cionn ċáiċ
Mionn ḃláiṫ an ṁín-earla ṁaoiṫ.

VI.


Fulang sneaċta ’gá ḟolt ḟiar
Do ċleaċtaḋ dá ċruṫ mar smual:
Aoin-ċeann dob’ oirḋearca gníoṁ —
Síon ḟraoiċ-ṫeann oiġreanta ḟuar.

VII.


Ceann i n-airde ar ḟioġraiḃ croinn,
A airde ní hiongnaḋ linn:
Díol a ṫoġṫa i gcaṫaoir Ċuinn
Níor ṫuill taṫaoir cromṫa cinn.