Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

75

10. -SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

XI.

CEISTEANNA.

1. Cad a ḃí aici le déanaṁ oiḋċe ’na ḋiaiḋ san? 2. An raiḃ a lán olla aici? 3. Agus an raiḃ ana-ḃruid uirṫi? 4. Tar éis tuitim na h-oiḋċe an raiḃ sí ċun dul a ċodlaḋ ḋi féin tar éis oibre an lae? 5. Cad é an saġas soluis a ḃí aici? 6. Cad ċuige é sin? 7. An raiḃ an laiste ar an ndorus? 8. Agus cad a ṫuit amaċ? 9. Cad a ḃí ag an mnaoi ’á ċaiṫeaṁ ar a ceann? 10. Ar ḃféidir do’n ṁnaoi aḃrais a ceannaċa d’ḟeiscint? 11. Cad ’na ṫaoḃ? 12. Conus a ḃí an dá ṡúil aici? 13. Agus cad a ċuir an ḟearg uirṫi? 14. Nár ḃ’ḟada ab cuíṁne a ḃí aici? 15. Cad a ḋein sí nuair a ḃí sí tagaiṫe isteaċ? 16. Ar laḃair sí in ao’ċor? 17. Cad duḃairt sí? 18. Ar ḃ’é sin an seana - ṗort? 19. Ba ċeart é ḃeiṫ ge ġlan-ṁeaḃair anois agat, abair é. 20. Caṫain a ṫáinig an tarna bean isteaċ? 21. An raiḃ a ceannaċa le feiscint? 22. Conus a ḃí an dá ṡúil aici? 23. Cad a ḋein sí? 24. Cad a ḃí ar siúbal aici? 25. An raḃdar ag teaċt mar sin indiaiḋ a ċéile? 26. An mó duine acu a ṫáinig isteaċ ar fad? 27. Aililiú! An méid sin daoine! agus cad a ḃí acu go léir ’á ḋéanaṁ? 28. Cad a ḃí ’á ḋéanaṁ ag bean an tiġe? 29. Ar ċuireadar sgannraḋ uirṫi? 30 An raiḃ ’ḟios acu gur ċuireadar? 31. Cad ’na ṫaoḃ? 32. An ċun tairḃe ḋéanaṁ a ṫánadar an turas so? 33. Aċ cad eile? 34. Ar ṫuig an ḃean aḃrais cad é an fuadar a ḃí fúṫa?