Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
74
Sliaḃ na mBan ḃFionn

23. An ċun díolfiaċ a ḋein a ḃean aḃrais a leiṫéid de ġníoṁ? 24. Nár uaṫḃásaċ an gníoṁ é? 25. Dá mbeiṫeá ’na cás an ndéanfá a leiṫéid? 26. Ná beaḋ eagla ort roim na mná síḋe? 27. Seaḋ! ar ṫáinig sí aḃaile airís? 28. Agus cad a ḃí aici ’á ċeapaḋ? 29. An raiḃ aon ċoinne aici go dtiocfaidís an oiḋċe a ḃí ċuġainn? 30. Ag lorg an ċailín? 31. Ná duḃradar go dtiocfaidís? 32 Cad é an freagra a ṡocaruiġ sí ’na h-aigne ṫaḃairt dóiḃ, dá mbeidís ’á ceistiú i dtaoḃ an ċailín? 33. Nuair a ṫuit an oiḋċe cad ḃí aici ’á ḋéanaṁ? 34. Ar ṫánadar i dtosaċ na h-oiḋċe? 35. Ar ṡaṁluiġ sí ansan go dtiocfaidís ar ṁeáḋon oiḋċe? 36. Agus ar ṫánadar? 37. Nuair a ḃí sí corṫa corṫa ó ḃeiṫ ag árneán cad a ṫuit uirṫi? 38. Ṫánadar, gan aṁras, i ndeire na h-oiḋċe? 39. An raḃdar tagaiṫe le teaċt an lae? 40. Conus a ḃí an sgéal aici an oiḋċe ’na ḋiaiḋ sin? 41. An raiḃ sí ag feiṫeaṁ ar feaḋ seaċtṁaine? 42. An raiḃ aon ṁaiṫeas di ann? 43. Fé ċeann bliaḋna an raḃdar tar éis teaċt? 44. Cad duḃairt sí léi féin ansan? 45. An raiḃ sí deiṁniġṫeaċ ná tiocfaidís a ṫuille?

GRAMADAĊ.

1. Cad iad na h-aideaċta do cúmaḋ ó’sna h-ainmneaċaiḃ so:- Ciall;áṫas;iongnaḋ?

2. Abair in aon ḟocal aṁáin:- "Rud le n-iṫe agus le n-ól."

3. “Ṫarraing sí an biorán a’ ceann an ċailín." Sgríoḃ an focal ’a’ go hiomlán.

4. “Ċuir sí caipín an ċlóca amaċ ar a ceann." Cuir an méid sin ’sa n-uiṁir iolraiḋ.

5. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) Ḃí lár na h-oiḋċe ann. (b) níor ṫánadar ’n-a goire. (c) ḋéanfaidís an ḃeart a ḃí déanta aici ḋóiḃ do ċúiteaṁ léi. (d) ḃí sí ag cur agus ag cúiteaṁ ’n-a h-aigne.