Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
76
Sliaḃ na mBan ḃFionn

35. Cad é féin agus conus aiṫin sí é? 36. Ar laḃair aoinne acu léi? 37. Cé laḃair? agus cad duḃairt sí? 38. Agus an raiḃ an oiḋċe fuar? 39. Cad é an saġas teine a ḃí ’sa tínteán ċeana? 40. Aċ mar sin féin cad a ḋein bean an tiġe? 41. Cad é an aḋḃar teine a ḃí aici? 42. Cad a leog sí uirṫi? 43. Ar ḋeineadar an obair go tiuġ? 44. Ná raḃdar go seóiġ ċun oibre a ḋéanaṁ? 45. D’ órduiġ an ḃean a laḃraḋ rud éigin do ḃean an tíġe. Cad é féin? 46. Cad dob áil leo de’n ċorċán ṁór? 47. An ċun bíḋ do ḃeiriú ann do cuireaḋ an corcán mór ar an dteine? 48. Ar ṁór an corcán é? 49. Cad ’na ṫaoḃ go neirir gur ḃ’eaḋ? 50. An ḃféadfaí duine do ċuir isteaċ ann agus é ḃeiriú ann? 51. A ṫiarcais! nár ḃ’éaċtaċ an corcán é?

GRAMADAĊ.

1. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) ḋein sí suas ar an olann. (b) siúd ċun na h-olla í. (c) siúd isteaċ an tarna bean. (d) ḃí ana ċruaċ olla aici.

2. Cuir síos ar an méid seo:- "Ḃí sí ’ġá socarú féin."

3. “Ċuir sí tuille móna ar an dteine." Cad is tuiseal do “móna"? Cad is tuiseal ainmneaċ dó.

4. Cuir ’sa n-uiṁir iolraiḋ:-

(a) “Eiriġ, a ḃean an tiġe,” ar sisi. (b) Corcán ana-ṁór a b’eaḋ é.

5. Cuir ’sa n-aimsir láiṫriġ uiṁir iolraiḋ:-

(a) Ḃí sí ag faire ċúiċi. (b) ní raiḃ an oiḋċe fuar. (c) do tógaḋ an laiste agus do h-osgalaḋ an dorus.