Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

69

10. SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

VIII

CEISTEANNA.

1. Cad duḃairt an ḃean aḃrais leis an mórṡeisear ban a ḃí ag caḃrú léi? 2. Dá mbeaḋ uirṫi féin an obair do ḋéanaṁ ’na h-aonar caṫain a ḃeaḋ sí déanta aici? 3. An ḟreagair aoinne acu í? 4. Cia’cu ’cu agus cad duḃairt sí? 5. “Is ceart cóṁar do ḋíol.” Cad é an cóṁar é? 6. An rud a ḋein an ḃean aḃrais dóiḃ an ioḋċe úd ná raiḃ sé ar a gcumas féin é ḋéanaṁ? 7. Agus cad é a rud é? 8. “Is é is lúġa is gann dúinn teaċt agus an congnaṁ so ṫaḃairt duitse.” Cé duḃairt é sin agus cé leis go nduḃraḋ é? 9. An raḃdar fé ċomaoin aici? 10. An raḃdar ag braṫ ar ċaḃair eile ḟáġail ó’m mnaoi aḃrais? 11. Cá ḃfios duit? 12. Cad iad na focail a duḃairt sí do ḋeallruiġ go raḃdar? 13. An raiḃ an ḃean aḃrais tugṫa do ċaḃrú leo? 14. Cá ḃfios duit? 15. Cad iad na focail a laḃair sí do ċuir i n-iúil go raiḃ? 16. Nár ċneasta an freagra é? 17. Cad a ḋeineadatr nuair a ḃí an obair críoċnuiġṫe acu? 18. Ar ċlúduiġdear a gceannaċa? 19. Cad leis? 20. Cad ’na ṫaoḃ san? 21. Conus a ḋeineadar an obair? 22. Ar ṫug na cóṁarsain fé ndeara feaḃas na h-oibre? 23. Agus dá ḋeargaiḃ sin ar ṁéadaiġ gnó na mná aḃrais? 24. Conus a ṫagaḋ an olann ag triall uirṫi? 25. An mbíoḋ ana-ḃruid uirṫi? 26. An mbíoḋ an iomarca le déanaṁ aici uaireanta? 27. An mbíoḋ sí ábalta ar ṫeaċt suas leis? 28. Cad ’na ṫaoḃ? 29. B’ḟéidir go ḃféadfaḋ sí teaċt suas leis aċ a ḋíċeall a ḋéanaṁ? 30. Ná raiḃ sé ar a cumas teaċt suas leis in ao’ċor?