Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
70
Sliaḃ na mBan ḃFionn

31. An gcaiṫeaḋ sí an olann do ċur aḃaile airís ċun na ndaoine go mba leo í? 32. An ḃfaiġeaḋ só congnaṁ ó aoinne? 33. Cé uaiḋ? 34. Nár ṁaiṫ na daoine iad? 35. Ar ḋóiġ leat gur ċeart do’n ṁnaoi aḃrais ḃeiṫ buiḋeaċ díoḃ? 36. An cuíṁin leat cad a léiġeamair an lá fé ḋeire i dtaoḃ inġine an duine uasail? 37. Innis dúinn anois cad d’imṫiġ uirṫi? 38. Agus an raiḃ sí ċun báis d’ḟáġail? 39. Ar ḃ’ í féin a ḃí ag fáġail ḃáis? 40. Ar ċeap a muíntir gurḃ í? 41. An cuíṁin leat cad a ṁeas na daoine tuisgionaċa a ḃí ’sa’ ċóṁarsanaċt? 42. Agus cad d’imṫiġ ar an iarlis?

GRAMADAĊ.

1. “Táim ana - ḃuiḋeaċ díḃ, ní fios caṫain a ḃeaḋ an méid sin oibre déanta agam dá mbeaḋ orm é ḋéanaṁ am’ aonar"

Cuir na focail “duḃairt sí go “ roim an ráḋ san suas, agus abair an ráḋ ar fad ansan i dreo go mbeiḋ ciall leis.

2. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) is ceart cóṁar do ḋíol (b)is é is luġa is gann dúinn teaċt agus an congnaṁ so ṫaḃairt duit-se. (c) do deineaḋ an obair ċóṁ maiṫ san gur ṁéaduiġ ar an gcúram a curtí ar an mnaoi aḃrais sin.

3. Cad is tuiseal geineaṁnaċ do:-

Cóṁar; congnaṁ; obair; mnaoi?

4. “D’eiriġeadar agus ṫarraingeadar caipíní a gclócaí anuas ar a gceannaċaiḃ agus d’imitiġeadar."

Cuir an abairt sin suas ’sa n aimisir ḟáistiniġ, tríoṁaḋ pearsa baininnscne, uiṁir uaṫaiḋ.