Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
68
Sliaḃ na mBan ḃFionn

21. Ar ṫáinig aoinne eile isteaċ? 22. Cé ṫáinig? 23. An raiḃ an leaṫ-rann ar siúḃal aici sin leis? 24. Ar ṫáinig an tríoṁaḋ bean? 25. An mó bean a ṫáinig isteaċ ar fad? 26. Ar ḃ’iad an ṁórṡeisear ċéadna a ḃí ann roimis sin? 27. Ar ċromadar go léir ar obair? 28. Conus a ḋeineadar an obair? 29. An raiḃ ’ḟios ag an mnaoi aḃrais cé’r ḃ’iad féin? 30. An ḃfuil ’ḟios agat-sa cé’r ḃ’iad féin? 31. An raiḃ eagla ar an mnaoi rómpa? 32. An gcuirfidís eagla ort-sa? 33. Ar ċuma leis an mnaoi aḃrais aċ go ndéanfaí an obair? 34. Nár ṁisneaṁail an ḃean í? 35. An fada a leanadar ag obair? 36. Cad a ḋeineadar leis an snáṫ? 37. Agus cad a ḋeineadar leis na ceirṫlíní? 38. Cad a ḃí ’sa’ ċúinne? 39. An aṁlaiḋ d’ḟás na ceirṫlíní ann? 40. Aċ cad eile?

GRAMADAĊ.

1. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) ḃí eagla uirṫi ná tiocfaḋ léi go deó na h-aḃraisí ḃeiṫ ollaṁ. (b) bi éaċt de’n obair gan déanaṁ. (c) Ċrom sí ar an obair. (d) ḃíodar ag obair go tiuġ.

2. Cad is uiṁir do “aḃraisí"?

3. Cuir ’sa n-uiṁir iolraiḋ é seo:-

"Ḋein sí suas ar an áit na raiḃ an ḃean aḃrais ag obair agus ṡáiḋ í a ḋá láiṁ san olann."

4. Cuir isteaċ na focail atá i n-easnaṁ:- (a) í ualaċ mór olla aici airís -cíoraḋ agus - slámaḋ. (b) ṡocaruiġ sí -an oiḋċe ṫaḃairt - obair. (c) ċrom sí - an obair (d) ċomáineadar - ag obair.

5. (a) “Do h-osgalaḋ an dorus" Cad is tuiseal do “dorus"?

(b) Ḃí an tslamairc ḋeirineaċ ’n a snáṫ. Cad is tuiseal do “tslamairc” agus cad is innscne do?