Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
67
Sliaḃ na mBan ḃFionn

3. “Ḃí cruaċ ḃreaġ ṁór i n-inead na h-olla." Cad na ṫaoḃ go ḃfuil an “b” séiṁiġte san ḃfocal "breáġ” agus an “m” séiṁiġte san ḃfocal “mór"?

4. Cad is tuiseal agus cad is innscne do’n ḟocal “olla"?

5. Abair ar ċuma éigin eile:-

(a) “aċ i n-aice na mná a ḃí sa leabaiḋ mná gránna a b’eaḋ iad." (b) “cad fé ndeara ḋi gan aon ḟocal do laḃairt." (c) “do ṫeip uirṫi tón ná ceann ḟáġail air."

10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.

VII

CEISTEANNA.

1. I gceann tamaill cad é an gnó a ḃí ar siúḃal airís ah an mnaoi aḃrais? 2. An raiḃ a lán olla ann? 3. Cad a ḋeineaḋ sí leis an olann sar a ndeineaḋ sí snáṫ ḋi? 4. Cad é an t-eagla a ḃí uirṫi mar ġeall air? 5. Cad ’na ṫaoḃ san? 6. An raiḃ ana-ḃruid uirṫi? 7. Cá ḃfios duit? 8. Nuair a ḃí tuitim na h-oiḋċe ann is dóċa go raiḃ an obair geall le ḃeiṫ críoċnuiġṫe aici? 9. Ar ḃ’éigin di an oiḋċe a ṫaḃairt ag obair? 10. Cad a ṫug sí léi ’na ċóir sin? 11. Agus cad a ḋein sí leis? 12. Cad a ṫuit amaċ i dtosaċ na h-oiḋċe? 13. Cé ḃuail isteaċ ċúici? 14. Cad a ḃí ar a ceann aici-sin? 15. Cad a ḋein sí nuair a ṫáinig sí isteaċ? 16. An nduḃairt sí aoinníḋ? 17. An é sin a ḃí ar siúḃal ag an mórṡeisear ban? 18. Agus cad é an bríġ a ḃí leis? 19. An nduḃradar go ndéanfaidís an gnó do’n ṁnaoi ḃoiċt? 20. An raḃdar ag braṫ ar ċongnaṁ ḟáġail uaiṫi?